+Airteagal 28 Faireachán arna dhéanamh ag an mBord
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.

Airteagal 28 Faireachán arna dhéanamh ag an mBord

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 28 1.

Déanfaidh an Bord faireachán géar ar an gcaoi a ndéanann na húdaráis réitigh náisiúnta an scéim réitigh a fhorghníomhú. Chun na críche sin, déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta an méid seo a leanas:

(a) 

comhoibreoidh siad leis an mBord agus cuideoidh siad leis chun a dhualgais faireacháin a chomhall;

(b) 

go tráthrialta mar a bheidh leagtha síos ag an mBord, soláthróidh siad faisnéis chruinn, iontaofa agus iomlán maidir le forghníomhú na scéime réitigh, le cur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh agus le feidhmiú na gcumhachtaí réitigh, a d'fhéadfadh an Bord a iarraidh, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i) 

oibriú agus staid airgeadais na hinstitiúide faoi réiteach, na droichead-institiúide agus an mheáin bhainistíochta sócmhainní;

(ii) 

an chóir a chuirfí ar na scairshealbhóirí agus ar na creidiúnaithe dá ndéanfaí an institiúid a leachtú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta;

(iii) 

aon imeachtaí cúirte atá ar siúl agus a bhaineann le leachtú sócmhainní na hinstitiúide faoi réiteach, le hagóidí in aghaidh an chinnidh maidir le réiteach agus in aghaidh na díluachála nó a bhaineann le hiarratais ar chúiteamh arna gcomhdhú ag scairshealbhóirí nó ag creidiúnaithe;

(iv) 

measúnóirí, riarthóirí, cuntasóirí, dlíodóirí agus aon ghairmithe eile a cheapadh, a chur as oifig nó a athsholáthar lena mbeadh gá mar chúnamh don údarás réitigh náisiúnta, agus faoi fheidhmíocht a gcuid dualgas;

(v) 

aon ábhar eile is ábhartha d'fhorghníomhú na scéime réitigh lena n-áirítear faisnéis faoi aon sárú féideartha ar na coimircí dá bhforáiltear i dTreoir 2014/59/AE a bhfhéadfaidh an Bord tagairt a dhéanamh dó;

(vi) 

a mhéid agus an tslí a fheidhmíonn na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 63 go hAirteagal 72 de Threoir 2014/59/AE;

(viii) 

inmharthanacht eacnamaíoch, indéantacht agus cur chun feidhme an phlean atheagrúcháin gnó dá bhforáiltear in Airteagal 27(16).

Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta tuarascáil deiridh ar fhorghníomhú na scéime réitigh a chur faoi bhráid an Bhoird.

Airteagal 28 2.
Ar bhonn na faisnéise a chuirfear ar fáil, féadfaidh an Bord ordú do na húdaráis réitigh náisiúnta maidir le haon ghné d'fhorghníomhú na scéime réitigh, agus go háirithe na gnéithe sin dá dtagraítear in Airteagal 23 agus maidir le feidhmiú na gcumhachtaí réitigh.
Airteagal 28 3.
I gcás ina mbeidh gá leis sin chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, féadfar an scéim réitigh a leasú. Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.