|
+Airteagal 28 1. |
Airteagal 28 1.Déanfaidh an Bord faireachán géar ar an gcaoi a ndéanann na húdaráis réitigh náisiúnta an scéim réitigh a fhorghníomhú. Chun na críche sin, déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta an méid seo a leanas:
(a)
comhoibreoidh siad leis an mBord agus cuideoidh siad leis chun a dhualgais faireacháin a chomhall;
(b)
go tráthrialta mar a bheidh leagtha síos ag an mBord, soláthróidh siad faisnéis chruinn, iontaofa agus iomlán maidir le forghníomhú na scéime réitigh, le cur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh agus le feidhmiú na gcumhachtaí réitigh, a d'fhéadfadh an Bord a iarraidh, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(i)
oibriú agus staid airgeadais na hinstitiúide faoi réiteach, na droichead-institiúide agus an mheáin bhainistíochta sócmhainní;
(ii)
an chóir a chuirfí ar na scairshealbhóirí agus ar na creidiúnaithe dá ndéanfaí an institiúid a leachtú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta;
(iii)
aon imeachtaí cúirte atá ar siúl agus a bhaineann le leachtú sócmhainní na hinstitiúide faoi réiteach, le hagóidí in aghaidh an chinnidh maidir le réiteach agus in aghaidh na díluachála nó a bhaineann le hiarratais ar chúiteamh arna gcomhdhú ag scairshealbhóirí nó ag creidiúnaithe;
(iv)
measúnóirí, riarthóirí, cuntasóirí, dlíodóirí agus aon ghairmithe eile a cheapadh, a chur as oifig nó a athsholáthar lena mbeadh gá mar chúnamh don údarás réitigh náisiúnta, agus faoi fheidhmíocht a gcuid dualgas;
(v)
aon ábhar eile is ábhartha d'fhorghníomhú na scéime réitigh lena n-áirítear faisnéis faoi aon sárú féideartha ar na coimircí dá bhforáiltear i dTreoir 2014/59/AE a bhfhéadfaidh an Bord tagairt a dhéanamh dó;
(vi)
a mhéid agus an tslí a fheidhmíonn na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 63 go hAirteagal 72 de Threoir 2014/59/AE;
(viii)
inmharthanacht eacnamaíoch, indéantacht agus cur chun feidhme an phlean atheagrúcháin gnó dá bhforáiltear in Airteagal 27(16). Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta tuarascáil deiridh ar fhorghníomhú na scéime réitigh a chur faoi bhráid an Bhoird. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|