+Airteagal 31 Comhar laistigh de SRA
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
|
Airteagal 31 Comhar laistigh de SRA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1.
|
Déanfaidh an Bord a chuid cúraimí a fheidhmiú i ndlúthchomhar leis na húdaráis réitigh náisiúnta. Déanfaidh an Bord, i gcomhar leis na húdaráis réitigh náisiúnta, creat maidir le heagrú na socruithe praiticiúla do chur chun feidhme an Airteagail seo a fhormheas agus a phoibliú. Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhleanúnach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh an Bord an méid a leanas:
(a)
eiseoidh sé treoirlínte agus treoracha ginearálta do na húdaráis réitigh náisiúnta ar dá réir a dhéanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta na cúraimí a chomhall agus cinntí réitigh a ghlacadh;
(b)
féadfaidh sé, tráth ar bith, na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 34 go hAirteagal 37 a fheidhmiú;
(c)
féadfaidh sé, ar bhonn ad hoc nó ar bhonn leanúnach, faisnéis a iarraidh ar na húdaráis réitigh náisiúnta i dtaobh chomhlíonadh na gcúraimí a dhéanann siad faoi Airteagal 7(3);
(d)
gheobhaidh sé ó na húdaráis réitigh náisiúnta dréachtchinntí a bhféadfaidh an Bord a thuairimí ina leith a thabhairt agus, go háirithe, aird a tharraingt ar na heilimintí den dréachtchinneadh nach bhfuil ag comhlíonadh an Rialacháin seo nó threoracha ginearálta an Bhoird.
Chun meastóireacht a dhéanamh ar phleananna réitigh, féadfaidh an Bord a iarraidh ar na húdaráis réitigh náisiúnta, gan dochar do Chaibidil 5 den Teideal seo, an fhaisnéis ar fad is gá, mar a bheidh faighte acu i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 13(1) de Threoir 2014/59/AE, a chur faoi bhráid an Bhoird.
|
|
Airteagal 31 2.
|
Maidir le hAirteagal 13(4) go (10) agus le hAirteagal 88 go hAirteagal 92 de Threoir 2014/59/AE, ní bheidh feidhm acu maidir leis an gcaidreamh idir údaráis réitigh náisiúnta. Ní bheidh feidhm ag an gcinneadh comhpháirteach agus ag aon chinneadh a ghlactar in éagmais cinnidh chomhpháirtigh amhail dá dtagraítear in
►M1
Airteagal 45h ◄ de Threoir 2014/59/AE. Beidh feidhm ag na forálacha ábhartha den Rialachán seo ina ionad sin.
|
|
Airteagal 31 3.
|
Maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán seo, agus maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b), agus Airteagal 7(5) den Rialachán seo, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis na forálacha sin a chur i bhfeidhm, rachaidh na húdaráis réitigh náisiúnta i gcomhairle leis an mBord sula ngníomhóidh siad faoi Airteagal 86 de Threoir 2014/59/AE. Socróidh na húdaráis réitigh náisiúnta teorainn ama iomchuí don Bhord chun freagra a thabhairt ar an iarraidh ar chomhairliúchán, teorainn nach mbeidh níos giorra ná 2 lá oibre tar éis don údarás réitigh náisiúnta an iarraidh a thíolacadh. I gcás nach gcuirfidh an Bord a thuairimí in iúl laistigh den teorainn ama sin, nó nach n-iarrfaidh sé síneadh a chur léi, glacfar leis nach bhfuil aon bharúlacha le cur in iúl ag an mBord.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|