+Airteagal 31 1.

Airteagal 31 1.

Déanfaidh an Bord a chuid cúraimí a fheidhmiú i ndlúthchomhar leis na húdaráis réitigh náisiúnta. Déanfaidh an Bord, i gcomhar leis na húdaráis réitigh náisiúnta, creat maidir le heagrú na socruithe praiticiúla do chur chun feidhme an Airteagail seo a fhormheas agus a phoibliú.

Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhleanúnach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh an Bord an méid a leanas:

(a) 

eiseoidh sé treoirlínte agus treoracha ginearálta do na húdaráis réitigh náisiúnta ar dá réir a dhéanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta na cúraimí a chomhall agus cinntí réitigh a ghlacadh;

(b) 

féadfaidh sé, tráth ar bith, na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 34 go hAirteagal 37 a fheidhmiú;

(c) 

féadfaidh sé, ar bhonn ad hoc nó ar bhonn leanúnach, faisnéis a iarraidh ar na húdaráis réitigh náisiúnta i dtaobh chomhlíonadh na gcúraimí a dhéanann siad faoi Airteagal 7(3);

(d) 

gheobhaidh sé ó na húdaráis réitigh náisiúnta dréachtchinntí a bhféadfaidh an Bord a thuairimí ina leith a thabhairt agus, go háirithe, aird a tharraingt ar na heilimintí den dréachtchinneadh nach bhfuil ag comhlíonadh an Rialacháin seo nó threoracha ginearálta an Bhoird.

Chun meastóireacht a dhéanamh ar phleananna réitigh, féadfaidh an Bord a iarraidh ar na húdaráis réitigh náisiúnta, gan dochar do Chaibidil 5 den Teideal seo, an fhaisnéis ar fad is gá, mar a bheidh faighte acu i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 13(1) de Threoir 2014/59/AE, a chur faoi bhráid an Bhoird.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.