+Airteagal 34 Iarrataí ar fhaisnéis
---+Airteagal 34 1.
---+Airteagal 34 2.
---+Airteagal 34 3.
---+Airteagal 34 4.
---+Airteagal 34 5.
---+Airteagal 34 6.
|
Airteagal 34 Iarrataí ar fhaisnéis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 34 1.
|
►M6
Féadfaidh an Bord, agus lánúsáid á baint aige as an bhfaisnéis ar fad atá ar fáil cheana féin do BCE, lena n-áirítear an fhaisnéis arna bailiú ag comhaltaí CEBC de bhun Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, nó as an bhfaisnéis uile atá ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta, do BERS, do ÚBE, do ESMA nó do ÚEÁPC, a cheangal ar na daoine dlítheanacha nó nádúrtha seo a leanas, trí na húdaráis réitigh náisiúnta nó go díreach, tar éis dóibh na húdaráis réitigh náisiúnta a chur ar an eolas, an fhaisnéis uile is gá a sholáthar dó, i gcomhréir leis an nós imeachta agus leis an bhfoirm a iarrann an Bord, chun a chúraimí a chomhlíonadh: ◄
(a)
na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2;
(b)
fostaithe na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2;
(c)
tríú páirtithe a mbeidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 tar éis feidhmeanna nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú chucu.
|
|
Airteagal 34 2.
|
Déanfaidh na heintitis agus na daoine dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis a iarrtar de bhun na míre sin a sholáthar. Ní bheidh na heintitis ná na daoine sin díolmhaithe ón dualgas an fhaisnéis sin a sholáthar de dhroim ceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil. Ní mheasfar gur sárú ar cheanglais maidir le rúndacht ghairmiúil an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar.
|
|
Airteagal 34 3.
|
I gcás ina bhfaighidh an Bord faisnéis go díreach ó na heintitis agus ó na daoine sin, cuirfidh sé an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis réitigh náisiúnta lena mbaineann.
|
|
Airteagal 34 4.
|
Beidh an Bord in ann a fháil, lena n-áirítear ar bhonn leanúnach, aon fhaisnéis atá riachtanach d'fheidhmiú a chuid feidhmeanna faoin Rialachán seo, go háirithe maidir le caipiteal, leachtacht, sócmhainní agus dliteanais a bhaineann le haon institiúid atá faoi réir a chumhachtaí réitigh.
|
|
Airteagal 34 5.
|
Féadfaidh an Bord, BCE, comhaltaí CEBC, na húdaráis inniúla náisiúnta, BERS, ÚBE, ESMA, ÚEÁPC agus na húdaráis réitigh náisiúnta meabhráin tuisceana a tharraingt suas ina leagfar amach nós imeachta lena rialaítear malartú faisnéise. Ní mheasfar gur sárú ar cheanglais maidir le rúndacht ghairmiúil a bheidh i malartú faisnéise idir an Bord, BCE, agus comhaltaí eile CEBC, na húdaráis inniúla náisiúnta, BERS, ÚBE, ESMA, ÚEÁPC agus na húdaráis réitigh náisiúnta.
|
|
Airteagal 34 6.
|
Comhoibreoidh údaráis inniúla náisiúnta, BCE, comhaltaí CEBC, BERS, ÚBE, ESMA, ÚEÁPC, agus na húdaráis réitigh náisiúnta leis an mBord chun a fhíorú an bhfuil cuid den fhaisnéis nó an fhaisnéis ar fad a iarradh ar fáil cheana féin tráth a dhéantar an iarraidh. I gcás ina mbeidh faisnéis den sórt sin ar fáil, cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta, BCE agus comhaltaí eile CEBC, BERS, ÚBE, ESMA, ÚEÁPC nó na n-údarás réitigh náisiúnta an fhaisnéis sin ar fáil don Bhord.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|