|
+Airteagal 41 1. |
Airteagal 41 1.Foilseoidh an Bord na cinntí lena bhforchuirtear pionóis dá dtagraítear in Airteagal 38(1) agus in Airteagal 39(1), mura rud é go bhféadfadh an nochtadh sin díobháil a dhéanamh do réiteach an eintitis lena mbaineann. In aon cheann de na himthosca seo a leanas, is i ndíth ainm a dhéanfar an foilsiú:
(a)
i gcás ina bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis a fhoilsítear agus tar éis measúnú éigeantach roimh ré go bhfaightear go bhfuil foilsiú na sonraí pearsanta sin díréireach;
(b)
i gcás ina gcuirfeadh foilsiú cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt;
(c)
i gcás ina mbeadh an foilsiú ina chúis, a mhéid is féidir a dhéanamh amach, le damáiste díréireach do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá i gceist. Mar rogha air sin, féadfar, sna cásanna sin, foilsiú na sonraí atá i gceist a chur siar go ceann tréimhse réasúnach más dóigh go dtiocfaidh deireadh leis na cúiseanna a ndéanfaí an foilsiú i ndíth ainm laistigh den tréimhse sin. Cuirfidh an Bord na híocaíochtaí pionóis tréimhsiúla uile a fhorchuireann sé faoi Airteagal 38 agus Airteagal 39 in iúl do ÚBE agus cuirfidh sé faisnéis ar fáil maidir le stádas an achomhairc agus a thoradh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|