+Airteagal 79 Scéimeanna ráthaithe taiscí a úsáid i gcomhthéacs réitigh
---+Airteagal 79 1.
---+Airteagal 79 2.
---+Airteagal 79 3.
---+Airteagal 79 4.
---+Airteagal 79 5.

Airteagal 79 Scéimeanna ráthaithe taiscí a úsáid i gcomhthéacs réitigh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 79 1.
Áiritheoidh Ballstáit rannpháirteacha, nuair a dhéanfaidh an Bord bearta réitigh, agus ar choinníoll go n-áiritheofar tríd an ngníomhaíocht sin go leanfaidh taisceoirí de rochtain a fháil ar a dtaiscí, go mbeidh an scéim ráthaíochta taiscí a bhfuil an institiúid cleamhnaithe léi faoi dhliteanas i leith na méideanna arna sonrú in Airteagal 109(1) agus (4) de Threoir 2014/59/AE.

Déanfaidh an scéim ráthaíochta ábhartha taiscí seachaíocht ar chearta agus ar oibleagáidí taisceoirí atá cumhdaithe in imeachtaí dócmhainneachta i gcomhair méid is comhionann lena n-íocaíocht.

Airteagal 79 2.
Beidh cinneadh an méid atá dlite le híoc ag an scéim ráthaíochta taiscí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo i gcomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 20.
Airteagal 79 3.
Sula gcinnfidh an Bord, i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, an méid atá dlite le híoc ag an scéim ráthaíochta taiscí, rachaidh an Bord i gcomhairle leis an údarás ainmnithe lena mbaineann de réir bhrí Airteagal 2(1)(18) de Threoir 2014/49/AE, agus lánaird á tabhairt ar phráinn an ghnó.
Airteagal 79 4.
I gcás go dtarchuirfear taiscí incháilithe d'institiúid faoi réiteach chuig eintiteas tríd an uirlis díolacháin gnó nó tríd an uirlis droichead-institiúide, ní bheidh aon éileamh ag na taisceoirí faoi Threoir 2014/49/AE in aghaidh na scéime ráthaíochta taiscí i ndáil le haon chuid dá dtaiscí atá ag an institiúid faoi réiteach nach dtarchuirfear, ar choinníoll gur comhionann méid na gcistí a tharchuirtear nó gur mó méid na gcistí ná an leibhéal cumhdaigh comhiomlán dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Treoir sin.
Airteagal 79 5.
D'ainneoin mhír 1, mhír 2 agus mhír 3, má úsáidtear foinsí airgeadais atá ar fáil ón scéim ráthaíochta taiscí i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus má laghdaítear ina dhiaidh sin iad go dtí dhá thrian de spriocleibhéil na scéime ráthaíochta taiscí, déanfar an ranníocaíocht rialta leis an scéim ráthaíochta taiscí a shocrú ar leibhéal a cheadóidh don spriocleibhéal a bheith bainte amach laistigh de shé bliana.

I ngach cás, ní bheidh dliteanas na scéime ráthaíochta taiscí níos mó ná an méid is comhionann le 50 % dá spriocleibhéal maoiniúcháin a leagtar síos don scéim ráthaíochta taiscí in Airteagal 10(2) de Threoir 2014/49/AE.

In aon imthosca, ní rachaidh rannpháirtíocht na scéime ráthaíochta taiscí faoin Rialachán seo thar na caillteanais a bheadh tabhaithe aici i bhfoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.