1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gnóthais árachais agus athárachais nach cuid de ghrúpa iad atá faoi réir pleanáil réamhghabhálach téarnaimh de bhun Airteagal 7 agus a chomhlíonann na critéir a leagtar síos i mír 2 nó 3 den Airteagal seo, plean réamhghabhálach téarnaimh a tharraingt suas agus a choimeád cothrom le dáta. Beidh bearta sa phlean réamhghabhálach téarnaimh sin a bheidh le glacadh ag an ngnóthas lena mbaineann chun a staid airgeadais a athbhunú i gcás ina bhfuil meath suntasach tagtha ar an staid sin.
Measfar gur cuid den chóras rialachais de réir bhrí Airteagal 41 de Threoir 2009/138/CE é pleananna réamhghabhálacha téarnaimh a tharraingt suas, a choimeád cothrom le dáta agus a chur i bhfeidhm.