1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis réitigh, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, plean réitigh a tharraingt suas le haghaidh gach gnóthais árachais nó athárachais nach cuid de ghrúpa é atá faoi réir pleanáil réitigh de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 11, agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar foráil sa phlean réitigh maidir leis na gníomhaíochtaí réitigh a fhéadfaidh an t-údarás réitigh a dhéanamh i gcás ina gcomhlíonfaidh an gnóthas árachais nó athárachais na coinníollacha maidir le réiteach dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó Airteagal 20(3).