+Airteagal 9 Pleananna réitigh
---+Airteagal 9 1
---+Airteagal 9 2
---+Airteagal 9 3
---+Airteagal 9 4
---+Airteagal 9 5
---+Airteagal 9 6
---+Airteagal 9 7
---+Airteagal 9 8
---+Airteagal 9 9
|
Airteagal 9 Pleananna réitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis réitigh, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, plean réitigh a tharraingt suas le haghaidh gach gnóthais árachais nó athárachais nach cuid de ghrúpa é atá faoi réir pleanáil réitigh de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 11, agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar foráil sa phlean réitigh maidir leis na gníomhaíochtaí réitigh a fhéadfaidh an t-údarás réitigh a dhéanamh i gcás ina gcomhlíonfaidh an gnóthas árachais nó athárachais na coinníollacha maidir le réiteach dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó Airteagal 20(3).
|
|
Airteagal 9 2
|
2. Déanfaidh na húdaráis réitigh pleananna réitigh a tharraingt suas le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais a measann siad ina leith gur dóchúla, i gcomparáid le gnóthais eile faoina sainchúram, go mbeadh an ghníomhaíocht réitigh chun leasa an phobail dá dtagraítear in Airteagal 19(5) i gcás ina gclisfeadh ar an ngnóthas lena mbaineann, nó a measann na húdaráis ina leith go bhfuil feidhm chriticiúil acu. Cuirfear san áireamh sa mheasúnuithe sin, ar a laghad, an gá atá le cuspóirí réitigh a bhaint amach agus méid, samhail ghnó, próifíl riosca, idirnascthacht, inionadaitheacht an ghnóthais agus go háirithe a ghníomhaíocht trasteorann.
Ar bhonn na measúnuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh na húdaráis réitigh go mbeidh ar a laghad 40 % de mhargadh árachais agus athárachais saoil an Bhallstáit agus ar a laghad 40 % de mhargadh árachais agus athárachais an Bhallstáit nach árachas saoil é – an sciar den mhargadh árachais saoil bunaithe ar ollfhorálacha teicniúla agus an sciar den mhargadh árachais nach árachas saoil é bunaithe ar ollphréimheanna i scríbhinn – faoi réir cheanglais na pleanála réitigh. Agus leibhéal cumhdaigh an mhargaidh á ríomh, féadfar foghnóthais grúpa a chur san áireamh i gcás ina bhfuil na foghnóthais sin cumhdaithe sa phlean réitigh grúpa.
Ní bheidh gnóthais bheaga neamhchasta faoi réir cheanglais na pleanála réitigh, ach amháin i gcás ina measfaidh an t-údarás réitigh go bhfuil riosca ar leith ag baint le gnóthas mar sin ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach.
|
|
Airteagal 9 3
|
3. I gcás ina gcuireann an gnóthas árachais nó athárachais lena mbaineann gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann i gcrích, soláthróidh na húdaráis réitigh bhaile an dréachtphlean réitigh do na húdaráis mhaoirseachta nó réitigh óstacha. Féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta nó réitigh óstacha scrúdú a dhéanamh ar an dréachtphlean réitigh chun aon ghníomhaíocht sa dréachtphlean réitigh a shainaithint a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a imirt ar shealbhóirí polasaí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar chobhsaíocht airgeadais ina mBallstát agus chun moltaí a dhéanamh don údarás réitigh baile maidir leis na hábhair sin. Tabharfaidh an t-údarás réitigh baile freagra réasúnaithe maidir lena chinneadh na moltaí a leanúint nó gan iad a leanúint. I gcás nach gcuireann an t-údarás réitigh baile moltaí an údaráis maoirseachta óstaigh nó réitigh óstaigh san áireamh i gceart, féadfaidh an t-údarás maoirseachta nó réitigh óstach an t-ábhar a tharchur chuig EIOPA i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
|
|
Airteagal 9 4
|
4. Agus na roghanna á sonrú le haghaidh cur i bhfeidhm uirlisí agus cumhachtaí réitigh, cuirfear san áireamh i bpleananna réitigh cásanna réitigh ábhartha, lena n-áirítear an cás inar cliseadh neamhghnách é cliseadh an ghnóthais árachais nó athárachais agus an cás ina dtarlaíonn sé tráth éagobhsaíochta airgeadais níos leithne nó tráth teagmhas sistéamach.
Ní ghlacfar leis sna pleananna réitigh go mbeidh aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas, i gcás ina bhfuil a leithéid ar fáil, scéimeanna ráthaíochta árachais nó aon socrú maoiniúcháin eile a úsáid.
|
|
Airteagal 9 5
|
5. Déanfaidh na húdaráis réitigh athbhreithniú ar na pleananna réitigh agus, i gcás inar gá, tabharfaidh siad cothrom le dáta iad gach 2 bhliain ar a laghad, agus in aon chás:
|
(a)
|
tar éis aon athrú ábharach ar struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil an ghnóthais árachais nó athárachais nó ar a ghnó nó a staid airgeadais a d’fhéadfadh difear ábharach a dhéanamh d’éifeachtacht an phlean nó ar shlí eile a d’éileodh athbhreithniú ar an bplean réitigh;
|
|
(b)
|
i gcás inar féidir a thuar go bhféadfadh éifeacht ábharach a bheith ag athrú ábharach ar staid airgeadais an ghnóthais árachais nó athárachais ar éifeachtacht an phlean réitigh, nó a d’éileodh ar shlí eile go ndéanfaí athbhreithniú ar an bplean sin.
|
Aon imeacht a fhágann gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean réitigh nó é a thabhairt cothrom le dáta, cuirfidh gnóthais árachais agus athárachais agus údaráis mhaoirseachta in iúl do na húdaráis réitigh é.
|
|
Airteagal 9 6
|
6. Gan dochar d’Airteagal 4, leagfar amach sna pleananna réitigh roghanna chun na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm maidir leis an ngnóthas árachais nó athárachais agus chun cumhachtaí réitigh a fheidhmiú ina leith. Áireofar na nithe seo a leanas ar fad sna pleananna réitigh, agus iad cainníochtaithe nuair is iomchuí agus nuair is féidir:
|
(a)
|
achoimre ar phríomhghnéithe an phlean;
|
|
(b)
|
achoimre ar na hathruithe ábharacha ar an ngnóthas a tharla ó comhdaíodh an fhaisnéis is déanaí faoin réiteach;
|
|
(c)
|
léiriú ar conas a d’fhéadfaí feidhmeanna criticiúla agus príomhlínte gnó a dheighilt go dlíthiúil agus go heacnamaíoch, a mhéid is gá, ó fheidhmeanna eile chun leanúnachas a áirithiú ar chliseadh an ghnóthais;
|
|
(d)
|
sainaithint na sócmhainní sin a mbeifí ag súil leis go gcáileoidís mar chomhthaobhacht;
|
|
(e)
|
meastachán ar an tréimhse ama chun gach gné ábharach den phlean a fhorghníomhú;
|
|
(f)
|
tuairisc mhionsonraithe ar an measúnú ar inréiteacht, lena n-áirítear an measúnú ar indéantacht agus inchreidteacht an fhoirceanta faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 13;
|
|
(g)
|
tuairisc ar aon bheart a cheanglaítear de bhun Airteagal 15 chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht arna sainaithint mar thoradh ar an measúnú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 13 nó chun na baic sin a bhaint;
|
|
(h)
|
míniú ar an dóigh a bhféadfaí roghanna réitigh a mhaoiniú gan an toimhde go mbeadh aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas, i gcás ina bhfuil a leithéid ar fáil, scéimeanna ráthaíochta árachais nó aon socrú maoiniúcháin eile a úsáid;
|
|
(i)
|
tuairisc mhionsonraithe ar na straitéisí réitigh difriúla a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm i bhfianaise na gcásanna difriúla a d’fhéadfadh a bheith ann agus na n-amscálaí is infheidhme;
|
|
(j)
|
tuairisc ar idirthuilleamaíochtaí criticiúla;
|
|
(k)
|
anailís ar thionchar an phlean réitigh ar fhostaithe an ghnóthais, lena n-áirítear measúnú ar aon chostas gaolmhar, agus tuairisc ar na nósanna imeachta atá beartaithe chun dul i gcomhairle leis an bhfoireann le linn an phróisis réitigh, agus na córais náisiúnta le haghaidh idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta á gcur san áireamh i gcás inarb infheidhme;
|
|
(l)
|
plean chun cumarsáid a dhéanamh leis na meáin agus leis an bpobal;
|
|
(m)
|
tuairisc ar na hoibríochtaí agus na córais fhíor-riachtanacha chun feidhmiú leanúnach phróisis oibríochta an ghnóthais a choinneáil ar bun;
|
|
(n)
|
i gcás inarb infheidhme, aon tuairim arna léiriú ag an ngnóthas i ndáil leis an bplean réitigh.
|
Nochtfar an achoimre ar phríomhghnéithe an phlean don ghnóthas árachais nó athárachais.
|
|
Airteagal 9 7
|
7. Déanfaidh an t-údarás réitigh na pleananna réitigh agus aon athrú orthu sin a tharchur chuig na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann.
|
|
Airteagal 9 8
|
8. Déanfaidh EIOPA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonraítear a thuilleadh ábhar an phlean réitigh.
Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2026.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
|
|
Airteagal 9 9
|
9. Déanfaidh EIOPA, faoin 29 Eanáir 2027, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena sonraítear a thuilleadh na critéir maidir le sainaithint na bhfeidhmeanna criticiúla.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|