+Airteagal 13 Measúnú ar inréiteacht
---+Airteagal 13 1
---+Airteagal 13 2
---+Airteagal 13 3
---+Airteagal 13 4
---+Airteagal 13 5
|
Airteagal 13 Measúnú ar inréiteacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis réitigh, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, measúnú ar a mhéid is féidir gnóthais árachais agus athárachais nach cuid de ghrúpa iad a réiteach gan glacadh leis go mbeadh aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas, i gcás ina bhfuil a leithéid ar fáil agus infheidhme, scéimeanna ráthaíochta árachais nó aon socrú maoiniúcháin a úsáid.
Measfar gur féidir gnóthas árachais nó athárachais a réiteach i gcás ina bhfuil sé indéanta agus inchreidte an gnóthas sin a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, nó don údarás réitigh an gnóthas sin a réiteach trí uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus cumhachtaí réitigh a fheidhmiú.
|
|
Airteagal 13 2
|
2. I gcás ina gcinnfidh údarás réitigh go bhféadfadh gá a bheith le gníomhaíocht réitigh ar mhaithe le leas an phobail toisc nach gcomhlíonfadh foirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta na cuspóirí réitigh a mhéid céanna, rachaidh sé ar aghaidh go dtí na céimeanna leantacha seo a leanas:
|
(a)
|
gníomhaíocht réitigh tosaíochta is iomchuí a roghnú chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach i bhfianaise struchtúr agus shamhail ghnó an ghnóthais árachais nó athárachais;
|
|
(b)
|
a mheas an bhfuil sé indéanta an ghníomhaíocht réitigh a roghnaíodh a chur i bhfeidhm go héifeachtach laistigh de thréimhse ama iomchuí agus baic a d’fhéadfadh a bheith ar a cur chun feidhme a shainaithint;
|
|
(c)
|
inchreidteacht na gníomhaíochta réitigh a roghnaíodh a mheasúnú, agus aird á tabhairt ar thionchar dóchúil an réitigh ar chórais airgeadais nó fíorgheilleagair na mBallstát nó an Aontais agus ar chosaint comhleasa sealbhóirí polasaí, tairbhithe agus éilitheoirí, d’fhonn leanúnachas feidhmeanna criticiúla a dhéanann an gnóthas árachais nó athárachais a áirithiú.
|
|
|
Airteagal 13 3
|
3. Déanfaidh údaráis réitigh an measúnú ar inréiteacht dá dtagraítear i mír 1 an tráth céanna a dhéanfar an plean réitigh a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 9, agus chun na gcríoch sin. Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh acu, scrúdóidh na húdaráis réitigh, ar a laghad, na gnéithe inréiteachta a shonraítear san Iarscríbhinn.
|
|
Airteagal 13 4
|
4. Chun críocha an mheasúnaithe ar inréiteacht, féadfaidh údaráis réitigh a iarraidh ar ghnóthais árachais nó athárachais an fhaisnéis uile is gá a sholáthar.
|
|
Airteagal 13 5
|
5. Déanfaidh EIOPA, faoin 29 Eanáir 2027, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun ábhair agus critéir bhreise a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar inréiteacht gnóthas nó grúpaí árachais agus athárachais dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 14 den Treoir seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|