1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis réitigh, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, measúnú ar a mhéid is féidir gnóthais árachais agus athárachais nach cuid de ghrúpa iad a réiteach gan glacadh leis go mbeadh aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas, i gcás ina bhfuil a leithéid ar fáil agus infheidhme, scéimeanna ráthaíochta árachais nó aon socrú maoiniúcháin a úsáid.
Measfar gur féidir gnóthas árachais nó athárachais a réiteach i gcás ina bhfuil sé indéanta agus inchreidte an gnóthas sin a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, nó don údarás réitigh an gnóthas sin a réiteach trí uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus cumhachtaí réitigh a fheidhmiú.