+Airteagal 19 Coinníollacha maidir le réiteach
---+Airteagal 19 1
---+Airteagal 19 2
---+Airteagal 19 3
---+Airteagal 19 4
---+Airteagal 19 5
|
Airteagal 19 Coinníollacha maidir le réiteach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na húdaráis réitigh beart réitigh i ndáil le gnóthas árachais nó athárachais ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
|
(a)
|
cinneann an t-údarás maoirseachta, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh, nó cinneann an t-údarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, go bhfuil ag cliseadh ar an ngnóthas árachais nó athárachais nó gur dócha go gclisfidh air;
|
|
(b)
|
níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon bheart malartach ón earnáil phríobháideach nó aon ghníomh maoirseachta, lena n-áirítear bearta coisctheacha agus ceartaitheacha, cosc le cliseadh an ghnóthais laistigh de thréimhse ama réasúnach;
|
|
(c)
|
is gá gníomhaíocht réitigh a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail.
|
|
|
Airteagal 19 2
|
2. I gcás ina ndéanfaidh údarás réitigh gníomhaíocht réitigh agus go dtí go bhfoirceannfar an ghníomhaíocht réitigh sin, ní ghlacfaidh an t-údarás maoirseachta bearta maidir leis an ngnóthas faoi réiteach, ach amháin má aontaíonn an t-údarás réitigh leis na bearta sin.
|
|
Airteagal 19 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na huirlisí is gá ag na húdaráis réitigh, go háirithe rochtain leordhóthanach ar aon fhaisnéis ábhartha, chun an cinneadh a dhéanamh faoi mhír 1, pointe (a), tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta ar fáil gan mhoill don údarás réitigh aon fhaisnéis ábhartha a n-iarrann an t-údarás réitigh air chun go mbeidh sé in ann a mheasúnú a dhéanamh.
|
|
Airteagal 19 4
|
4. Measfar go bhfuil ag cliseadh ar ghnóthas árachais nó athárachais nó gur dócha go gclisfidh air in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
|
(a)
|
sáraíonn an gnóthas árachais nó athárachais an tÍoscheanglas Caipitil dá dtagraítear i dTeideal I, Caibidil VI, Roinn 5, de Threoir 2009/138/CE, sin nó is dócha go bhfuil an tÍoscheanglas sin á shárú aige, agus níl aon ionchas réasúnach ann go n-athbhunófar an chomhlíontacht;
|
|
(b)
|
níl na coinníollacha le haghaidh údaraithe á gcomhlíonadh ag an ngnóthas árachais nó athárachais a thuilleadh nó cliseann go mór air maidir lena chuid oibleagáidí faoi na dlíthe agus na rialacháin a bhfuil sé faoina réir, nó tá gnéithe oibiachtúla ann chun tacú leis go gclisfidh go mór ar an ngnóthas, go luath amach anseo, maidir lena chuid oibleagáidí ar bhealach a thabharfadh údar le tarraingt siar an údaraithe;
|
|
(c)
|
tá sócmhainní an ghnóthais árachais nó athárachais níos lú ná dliteanais an ghnóthais, nó tá gnéithe oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh gurb amhlaidh a bheidh sé go gairid amach anseo;
|
|
(d)
|
níl an gnóthas árachais nó athárachais in ann a fhiacha nó a dhliteanais eile a íoc, lena n-áirítear íocaíochtaí le sealbhóirí polasaí nó tairbhithe polasaí, de réir mar a bheidh siad dlite, nó tá gnéithe oibiachtúla ann chun tacú le cinneadh go mbeidh an gnóthas, go luath amach anseo, i staid mar sin;
|
|
(e)
|
tá gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách.
|
|
|
Airteagal 19 5
|
5. Chun críocha mhír 1, pointe (c), beidh gníomhaíocht réitigh chun leasa an phobail i gcás inar gá an ghníomhaíocht sin chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus go bhfuil sí comhréireach le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin agus i gcás nach gcomhlíonfadh foirceannadh an ghnóthais faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, lena n-áirítear úsáid a bhaint as scéimeanna ráthaíochta árachais is infheidhme maidir leis an ngnóthas sin má chomhlíontar na coinníollacha a bhaineann le gnáthimeachtaí dócmhainneachta, na cuspóirí sin a mhéid céanna.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|