6. Ullmhóidh EIOPA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:
|
(a)
|
na himthosca ina measfar go bhfuil duine neamhspleách ar an údarás réitigh agus ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e) araon, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo;
|
|
(b)
|
na modheolaíochtaí a úsáidfear chun measúnú a dhéanamh ar luach shócmhainní agus dhliteanais an ghnóthais árachais nó athárachais i gcomhthéacs réitigh;
|
|
(c)
|
an chaoi a ndéanfar na luachálacha a scaradh faoi Airteagail 23 agus 56 den Treoir seo.
|
Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2027.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.