+Airteagal 29 Ceanglais nós imeachta maidir le díolacháin ghnó, sócmhainní, ceart nó dliteanas i gcás réitigh
---+Airteagal 29 1
---+Airteagal 29 2
---+Airteagal 29 3
|
Airteagal 29 Ceanglais nós imeachta maidir le díolacháin ghnó, sócmhainní, ceart nó dliteanas i gcás réitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1
|
1. Faoi réir mhír 3, i gcás ina bhféachfaidh na húdaráis réitigh leis an uirlis díolta gnó a chur i bhfeidhm, nó i gcás ina ndíolfaidh siad gnóthas idirlinne, nó a shócmhainní, a chearta nó a dhliteanais, an gnóthas faoi réiteach, an gnóthas idirlinne nó na sócmhainní, cearta, dliteanais, scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile lena mbaineann, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iad a mhargú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 2. Féadfar comhthiomsuithe ceart, sócmhainní, agus dliteanas a mhargú ar leithligh.
|
|
Airteagal 29 2
|
2. Gan dochar do chreat Státchabhrach an Aontais, comhlíonfaidh an margú dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais seo a leanas:
|
(a)
|
beidh sé chomh trédhearcach agus is féidir agus ní thabharfaidh sé bréagléiriú is ábharach ar shócmhainní, cearta, dliteanais, scaireanna ná ionstraimí úinéireachta eile an ghnóthais nó an ghnóthais idirlinne a bhfuil sé beartaithe ag údarás réitigh iad a aistriú;
|
|
(b)
|
ní thabharfar buntáiste míchuí do cheannaitheoirí a d’fhéadfadh a bheith ann nó ní dhéanfar idirdhealú eatarthu;
|
|
(c)
|
beidh sé saor ó aon choinbhleacht leasa;
|
|
(d)
|
ní thabharfar buntáiste éagórach do cheannaitheoir ionchais;
|
|
(e)
|
cuirfear san áireamh an gá atá le gníomhaíocht réitigh thapa a dhéanamh;
|
|
(f)
|
beidh sé dírithe ar an bpraghas díolacháin is airde is féidir a fháil ar na scaireanna nó na hionstraimí úinéireachta eile, na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais lena mbaineann.
|
Ní chuirfidh na ceanglais sin cosc ar údaráis réitigh ceannaitheoirí áirithe a d’fhéadfadh a bheith ann a lorg.
Aon nochtadh poiblí ar mhargú eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), nó ar mhargú an ghnóthais idirlinne a cheanglófaí murach an nochtadh poiblí i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, féadfar é a mhoilliú i gcomhréir le hAirteagal 17(4) nó (5) den Rialachán sin.
|
|
Airteagal 29 3
|
3. Féadfaidh na húdaráis réitigh cinneadh réasúnaithe a ghlacadh gan an ceanglas maidir le díolachán a mhargú a chomhlíonadh má chinneann siad gur dócha go mbainfí an bonn ó cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh ach na ceanglais a leagtar síos i mír 2 a chomhlíonadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|