2. Gan dochar do chreat Státchabhrach an Aontais, comhlíonfaidh an margú dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais seo a leanas:
|
(a)
|
beidh sé chomh trédhearcach agus is féidir agus ní thabharfaidh sé bréagléiriú is ábharach ar shócmhainní, cearta, dliteanais, scaireanna ná ionstraimí úinéireachta eile an ghnóthais nó an ghnóthais idirlinne a bhfuil sé beartaithe ag údarás réitigh iad a aistriú;
|
|
(b)
|
ní thabharfar buntáiste míchuí do cheannaitheoirí a d’fhéadfadh a bheith ann nó ní dhéanfar idirdhealú eatarthu;
|
|
(c)
|
beidh sé saor ó aon choinbhleacht leasa;
|
|
(d)
|
ní thabharfar buntáiste éagórach do cheannaitheoir ionchais;
|
|
(e)
|
cuirfear san áireamh an gá atá le gníomhaíocht réitigh thapa a dhéanamh;
|
|
(f)
|
beidh sé dírithe ar an bpraghas díolacháin is airde is féidir a fháil ar na scaireanna nó na hionstraimí úinéireachta eile, na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais lena mbaineann.
|
Ní chuirfidh na ceanglais sin cosc ar údaráis réitigh ceannaitheoirí áirithe a d’fhéadfadh a bheith ann a lorg.
Aon nochtadh poiblí ar mhargú eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), nó ar mhargú an ghnóthais idirlinne a cheanglófaí murach an nochtadh poiblí i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, féadfar é a mhoilliú i gcomhréir le hAirteagal 17(4) nó (5) den Rialachán sin.