1. I gcás ina bhfuil an uirlis díluachála nó chomhshó á cur i bhfeidhm ag údarás réitigh agus ina bhfuil na cumhachtaí díluachála agus comhshó á bhfeidhmiú aige i gcomhréir le hAirteagal 35(1) agus le hAirteagal 42(1), pointí (f) go (j), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag an laghdú ar an bpríomhshuim nó ar an méid gan íoc atá dlite, ag an gcomhshó nó ag an gcealú, agus go mbeidh an méid sin ina cheangal láithreach ar an ngnóthas faoi réiteach agus ar na creidiúnaithe agus na scairshealbhóirí a ndéantar difear dóibh.