+Airteagal 39 Tionchar díluachála nó comhshó
---+Airteagal 39 1
---+Airteagal 39 2
---+Airteagal 39 3
---+Airteagal 39 4
|
Airteagal 39 Tionchar díluachála nó comhshó
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 39 1
|
1. I gcás ina bhfuil an uirlis díluachála nó chomhshó á cur i bhfeidhm ag údarás réitigh agus ina bhfuil na cumhachtaí díluachála agus comhshó á bhfeidhmiú aige i gcomhréir le hAirteagal 35(1) agus le hAirteagal 42(1), pointí (f) go (j), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag an laghdú ar an bpríomhshuim nó ar an méid gan íoc atá dlite, ag an gcomhshó nó ag an gcealú, agus go mbeidh an méid sin ina cheangal láithreach ar an ngnóthas faoi réiteach agus ar na creidiúnaithe agus na scairshealbhóirí a ndéantar difear dóibh.
|
|
Airteagal 39 2
|
2. Cuirfidh an t-údarás réitigh na cúraimí uile riaracháin agus nós imeachta is gá i gcrích nó déanfaidh sé a cheangal iad a chur i gcrích chun éifeacht a thabhairt do chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó, lena n-áirítear:
|
(a)
|
gach clár lena mbaineann a leasú;
|
|
(b)
|
scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile nó ionstraimí fiachais a dhíliostú nó a bhaint ó thrádáil;
|
|
(c)
|
scaireanna nua nó ionstraimí úinéireachta eile a liostú nó a ligean chun a dtrádála;
|
|
(d)
|
aon ionstraim fiachais a bhfuil díluacháil déanta orthu a athliostú nó a athligean isteach chun a dtrádála, gan a bheith de dhualgas orthu réamheolaire a eisiúint de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).
|
|
|
Airteagal 39 3
|
3. I gcás ina laghdaíonn údarás réitigh príomhshuim dliteanais, nó an méid atá fós le híoc i leith dliteanais, go nialas trí bhíthin na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (g), láimhseálfar an dliteanas sin agus aon oibleagáid nó éileamh a eascraíonn maidir leis an dliteanas, nach raibh tabhaithe tráth a bhí an chumhacht sin á feidhmiú, mar urscaoilte chun na gcríoch uile agus ní bheidh sé inchruthaithe in aon imeacht eile ina dhiaidh sin maidir leis an ngnóthas faoi réiteach nó aon eintiteas comharba in aon fhoirceannadh ina dhiaidh sin.
|
|
Airteagal 39 4
|
4. I gcás ina laghdaíonn údarás réitigh príomhshuim dliteanais, nó an méid atá fós le híoc i leith dliteanais, i bpáirt ach ní go hiomlán, trí bhíthin na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (g):
|
(a)
|
déanfar an dliteanas a urscaoileadh suas go dtí an méid a laghdaíodh;
|
|
(b)
|
beidh feidhm ag an ionstraim lena mbaineann nó ag an gcomhaontú lenar cruthaíodh an dliteanas bunaidh fós maidir leis an bpríomhshuim atá fágtha, nó maidir leis an méid atá fós le híoc i leith an dliteanais, faoi réir aon mhodhnú ar mhéid an úis a bheidh iníoctha chun laghdú na príomhshuime a léiriú, agus faoi réir aon mhodhnú eile ar na téarmaí a d’fhéadfadh an t-údarás réitigh a dhéanamh trí bhíthin na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (l).
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|