2. Chun gníomhaíocht fhéideartha de bhun mhír 1 den Airteagal seo a éascú, ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), téarmaí conarthacha a áireamh sna comhaontuithe gaolmhara faoina n-aithníonn scairshealbhóirí, creidiúnaithe nó páirtithe sa chomhaontú lena gcruthaítear an dliteanas go bhféadfadh an dliteanas a bheith faoi réir cumhachtaí díluachála nó comhshó agus a chomhaontú go mbeidh siad faoi cheangal ag aon laghdú ar an bpríomhshuim nó ar an méid gan íoc atá dlite, ag comhshó nó ag cealú a chuirfear i gcrích trí fheidhmiú na gcumhachtaí sin ag údarás réitigh.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis réitigh a cheangal ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), tuairim dhlíthiúil réasúnaithe ó shaineolaí dlíthiúil neamhspleách a thabhairt do na húdaráis réitigh sin lena ndeimhnítear in-fhorfheidhmitheacht dhlíthiúil agus éifeachtacht na dtéarmaí conarthacha sin.