1. Beart coiscthe géarchéime nó beart bainistíochta géarchéime arna dhéanamh i ndáil le heintiteas, lena n-áirítear le tarlú aon teagmhas atá nasctha go díreach le cur i bhfeidhm birt mar sin, ní mheasfar, per se, faoi chonradh arna dhéanamh ag an eintiteas lena mbaineann, gur teagmhas forfheidhmiúcháin de réir bhrí Threoir 2002/47/CE é nó gur imeachtaí dócmhainneachta de réir bhrí Threoir 98/26/CE é, ar choinníoll go leanfar de na hoibleagáidí substainteacha faoin gconradh sin, lena n-áirítear oibleagáidí íocaíochta agus seachadta agus soláthar comhthaobhachta, a chomhlíonadh.
Ina theannta sin, ní mheasfar, per se, gur teagmhas forfheidhmiúcháin de réir bhrí Threoir 2002/47/CE nó imeachtaí dócmhainneachta de réir bhrí Threoir 98/26/CE é beart coiscthe géarchéime nó beart bainistíochta géarchéime faoi chonradh arna dhéanamh ag:
|
(a)
|
foghnóthas, i gcás ina ráthaíonn an máthairghnóthas nó grúpeintiteas ar bith na hoibleagáidí faoin gconradh sin nó ina dtacaíonn an máthairghnóthas nó grúpeintiteas ar bith leis na hoibleagáidí sin; nó
|
|
(b)
|
aon ghrúpeintiteas, i gcás ina bhfuil forálacha trasmhainneachtana sa chonradh.
|