+Airteagal 48 3
|
Airteagal 48 3
3. Ar choinníoll go leantar de na hoibleagáidí substainteacha faoin gconradh a chomhlíonadh, lena n-áirítear oibleagáidí íocaíochta agus seachadta, agus soláthar comhthaobhachta, le beart coiscthe géarchéime nó le beart bainistíochta géarchéime, lena n-áirítear le haon teagmhas atá nasctha go díreach le cur i bhfeidhm an bhirt sin, ní bheidh aon duine in ann, per se:
|
(a)
|
aon chearta foirceanta, fionraíochta, modhnaithe, glanluachála nó fritháirimh a fheidhmiú, lena n-áirítear i ndáil le conradh arna dhéanamh ag:
|
(i)
|
foghnóthas, i gcás ina ráthaíonn grúpeintiteas oibleagáidí faoin gconradh nó i gcás ina dtacaíonn sé leo ar shlí eile;
|
|
(ii)
|
aon ghrúpeintiteas, i gcás ina bhfuil forálacha trasmhainneachtana sa chonradh;
|
|
|
(b)
|
seilbh a fháil nó ceannas a fheidhmiú ar aon mhaoin, nó aon urrús a fhorfheidhmiú thar mhaoin, aon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), lena mbaineann nó ar aon ghrúpeintiteas i ndáil le conradh ina bhfuil forálacha trasmhainneachtana;
|
|
(c)
|
difear a dhéanamh d’aon cheart conarthach de chuid aon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), lena mbaineann nó d’aon ghrúpeintiteas i ndáil le conradh ina bhfuil forálacha trasmhainneachtana.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|