1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cosaint iomchuí ann le haghaidh socruithe comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil, socruithe fritháirimh agus glanluachála, agus comhaontuithe athárachais chun cosc a chur le haistriú roinnt de na cearta agus de na dliteanais, seachas iad uile, ar cearta agus dliteanais iad a chosnaítear faoi shocrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil, faoi shocrú fritháirimh, faoi shocrú glanluachála nó faoi chomhaontú athárachais idir an gnóthas faoi réiteach agus duine eile mar aon le modhnú nó foirceannadh na gceart agus na ndliteanas a chosnaítear faoin socrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil sin, faoi shocrú fritháirimh nó faoi shocrú glanluachála nó faoi chomhaontú athárachais trí chumhachtaí coimhdeacha a úsáid.
Chun críocha na chéad fhomhíre, láimhseálfar cearta agus dliteanais mar chearta agus dliteanais faoi chosaint faoi shocrú comhthaobhachta airgeadais aistritheteidil, faoi shocrú fritháirimh, socrú glanluachála faoi chomhaontú athárachais ina bhfuil na páirtithe sa socrú nó sa chomhaontú i dteideal na cearta agus na dliteanais sin a fhritháireamh nó a ghlanluacháil.