+Airteagal 13
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
|
Airteagal 13
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Aon duine a thugann comhairle i ndáil le PRIIP, nó a dhíolann PRIIP, soláthróidh sé an doiciméad faisnéise bunriachtanaí do na hinfheisteoirí miondíola in am trátha sula mbeidh na hinfheisteoirí miondíola sin faoi cheangal ag aon chonradh nó tairiscint a bhaineann leis an PRIIP sin.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Féadfaidh duine a thugann comhairle maidir le PRIIP nó a dhíolann é ceanglais mhír 1 a chomhlíonadh trí dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí a chur ar fáil do dhuine agus é údaraithe i scríbhinn go bhféadfaidh sé cinntí infheistíochta a dhéanamh thar ceann an infheisteora miondíola i ndáil leis na hidirbhearta a thugtar chun críche faoin údarás i scríbhinn sin.
|
|
Airteagal 13 3.
|
De mhaolú ar mhír 1 agus faoi réir Airteagal 3(1), pointe (a) d'Airteagal 3(3) agus Airteagal 6 de Threoir 2002/65/CE, féadfaidh duine a dhíolann PRIIP an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar don infheisteoir miondíola, nuair a thabharfar an t-idirbheart chun críche gan aon mhoill mhíchuí i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leanas ar fad:
(a)
socraíonn an t-infheisteoir miondíola, ar a thionscnamh féin, dul i dteagmháil leis an duine a dhíolann PRIIP agus an t-idirbheart a chur i gcrích trí mhodh cianchumarsáide;
(b)
ní féidir an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo;
(c)
chuir an duine a bhfuil comhairle á tabhairt aige maidir leis an PRIIP nó a dhíolann an PRIIP sin in iúl don infheisteoir miondíola nach bhfuil sé indéanta an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar agus luaigh sé go soiléir go bhféadfaidh an t-infheisteoir miondíola moill a chur ar an idirbheart chun go mbeidh sé in ann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a fháil agus a léamh sula dtabharfar an idirbhirt chun críche;
(d)
comhaontaíonn an t-infheisteoir miondíola go bhfaighidh sé an doiciméad faisnéise bunriachtanaí gan aon mhoill mhíchuí tar éis dóibh an t-idirbheart a chur i gcrích, sa chaoi is nach gá moill a chur leis an idirbheart agus an doiciméad á lorg roimh ré.
|
|
Airteagal 13 4.
|
I gcás ina ndéantar idirbhearta comhleanúnacha a bhaineann leis an PRIIP céanna thar ceann infheisteora miondíola i gcomhréir le treoracha a thug an t-infheisteoir miondíola sin don duine atá ag díol an PRIIP roimh an gcéad idirbheart, is maidir leis an gcéad idirbheart amháin a bheidh feidhm ag an oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar faoi mhír 1, agus leis an gcéad idirbheart eile tar éis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 10.
|
|
Airteagal 13 5.
|
I gcomhar leis an gComhchoiste agus d'fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach an Airteagail seo a dheimhniú, forbróidh na ÚMEanna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear na coinníollacha atá le sásamh chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir le doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar in am trátha mar atá leagtha síos i mír 1. Cuirfidh na ÚMEanna na dréachtchaighdeáin rialála theicniúla faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2015. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin rialála theicniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R1286
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|