|
+Airteagal 13 3. |
Airteagal 13 3.De mhaolú ar mhír 1 agus faoi réir Airteagal 3(1), pointe (a) d'Airteagal 3(3) agus Airteagal 6 de Threoir 2002/65/CE, féadfaidh duine a dhíolann PRIIP an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar don infheisteoir miondíola, nuair a thabharfar an t-idirbheart chun críche gan aon mhoill mhíchuí i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leanas ar fad:
(a)
socraíonn an t-infheisteoir miondíola, ar a thionscnamh féin, dul i dteagmháil leis an duine a dhíolann PRIIP agus an t-idirbheart a chur i gcrích trí mhodh cianchumarsáide;
(b)
ní féidir an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo;
(c)
chuir an duine a bhfuil comhairle á tabhairt aige maidir leis an PRIIP nó a dhíolann an PRIIP sin in iúl don infheisteoir miondíola nach bhfuil sé indéanta an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar agus luaigh sé go soiléir go bhféadfaidh an t-infheisteoir miondíola moill a chur ar an idirbheart chun go mbeidh sé in ann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a fháil agus a léamh sula dtabharfar an idirbhirt chun críche;
(d)
comhaontaíonn an t-infheisteoir miondíola go bhfaighidh sé an doiciméad faisnéise bunriachtanaí gan aon mhoill mhíchuí tar éis dóibh an t-idirbheart a chur i gcrích, sa chaoi is nach gá moill a chur leis an idirbheart agus an doiciméad á lorg roimh ré. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|