+Airteagal 33 1.

Airteagal 33 1.

Faoin ►M2  31 Nollaig 2019 ◄ , déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo. Áireofar san athbhreithniú suirbhé ginearálta ar oibriú an fholáirimh tuisceana, bunaithe ar an bhfaisnéis a gheofar ó ÚMEanna, agus aon treoir a fhorbraíonn na húdaráis inniúla ina leith sin á cur san áireamh. Áireofar air freisin suirbhé ar chur i bhfeidhm praiticiúil na rialacha atá leagtha síos sa Rialachán seo agus aird chuí á tabhairt ar fhorbairtí sa mhargadh do tháirgí infheistíochta miondíola agus a indéanta atá sé lipéad a thabhairt isteach i gcás infheistíochtaí sóisialta agus comhshaoil, agus na costais agus na tairbhí a ghabhfadh leis sin. Mar chuid dena athbhreithniú, rachaidh an Coimisiún i mbun tástálacha i measc tomhaltóirí agus scrúdóidh sé roghanna neamhreachtacha agus an toradh a bheidh ar an athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 maidir le pointe (c), le pointe (e) agus le pointe (g) d'Airteagal 27(1) de.

Maidir le GCUIeanna mar atá sainithe in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE, déanfar a mheasúnú san athbhreithniú an bhfuil síneadh le cur leis na socruithe eatramhacha faoi Airteagal 32 den Rialachán seo nó, tar éis aon choigeartuithe riachtanacha a dhéanamh, an féidir na forálacha maidir le faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir i dTreoir 2009/65/CE a athrú nó an féidir a mheas go bhfuil siad coibhéiseach leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí faoin Rialachán seo. Mar chuid den athbhreithniú seo, déanfar measúnú ar aon síneadh a d'fhéadfaí tabhairt do raon feidhme an Rialacháin seo le haghaidh táirgí airgeadais eile agus déanfar measúnú ar cheart cloí leis an díolúine atá ag táirgí áirithe ó raon feidhme an Rialacháin seo i bhfianaise na gcaighdeán téagartha i ndáil le cosaint tomhaltóirí lena n-áirítear comparáid a dhéanamh idir tháirgí airgeadais. Mar chuid den athbhreithniú, deanfar measúnú freisin ar a iomchuí a bheidh sé rialacha coitianta a thabhairt isteach maidir leis an ngá go bhforchuirfeadh gach Ballstát smachtbhannaí riaracháin i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R1286
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.