+Airteagal 6 An réamheolaire
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 6 6.
---+Airteagal 6 7.
---+Airteagal 6 8.
|
Airteagal 6 An réamheolaire
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
►M5
Gan dochar d’Airteagal 14a(2), d’Airteagal 15a(2) agus d’Airteagal 18(1), cuimseofar i réamheolaire an fhaisnéis is gá atá ábhartha d’infheisteoir chun measúnú feasach a dhéanamh ar an méid seo a leanas: ◄
▼B
(a)
sócmhainní agus dliteanais, brabúis agus caillteanais, staid airgeadais agus ionchais an eisitheora agus aon ráthóra;
(b)
na cearta a ghabhann leis na hurrúis; agus
(c)
na cúiseanna atá leis an eisiúint agus an tionchar a bheidh aici ar an eisitheoir.
D’fhéadfadh an fhaisnéis sin a bheith éagsúil ag brath ar aon cheann de na nithe seo a leanas:
(d)
i gcás inarb ábhartha, cibé acu atá nó nach bhfuil ainmníocht EUR 100 000 ar a laghad ag na hurrúis neamhchothromais in aghaidh an aonaid nó cibé acu atá nó nach bhfuil na hurrúis neamhchothromais le trádáil ar mhargadh rialáilte amháin, nó cuid shonrach den mhargadh sin, a bhféadfaidh infheisteoirí cáilithe, agus iad sin amháin, rochtain a bheith acu air chun críocha trádáil sna hurrúis.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Beidh an réamheolaire i bhformáid chaighdeánaithe agus déanfar an fhaisnéis a nochtfar i réamheolaire a chur i láthair in ord caighdeánaithe, i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 13(1). Scríobhfar agus cuirfear i láthair an fhaisnéis i réamheolaire i bhfoirm sho-inanailísithe, ghonta agus shothuigthe, agus cuirfear san áireamh inti na tosca a leagtar amach i mír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo.; De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ar mhíreanna 4 agus 5 agus ar na ceanglais a leagtar amach sna caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 8 den Airteagal seo, féadfar faisnéis a áirítear i ndoiciméad clárúcháin uilíoch a áireamh gan féachaint don fhormáid chaighdeánaithe, don seicheamh caighdeánaithe, don fhad uasta, don teimpléad agus don leagan amach lena n-áirítear na ceanglais maidir le clómhéid agus stíl.
|
|
Airteagal 6 3.
|
Féadfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte an réamheolaire a tharraingt suas ina mbeidh doiciméad amháin nó doiciméid ar leithligh.
Gan dochar d'Airteagal 8(8) agus don dara fomhír d’Airteagal 7(1), i gcás réamheolaire ina bhfuil doiciméid ar leithligh, beidh, an fhaisnéis is gá a thabhairt roinnte i ndoiciméad clárúcháin, nóta mínithe urrús agus achoimre. Is sa doiciméad clárúcháin a bheidh an fhaisnéis faoin eisitheoir. Is é a bheidh i nóta mínithe na n-urrús an fhaisnéis faoi na hurrúis atá á dtairiscint don phobal nó á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.
|
|
Airteagal 6 4.
|
Maidir le réamheolaire a bhaineann le scaireanna, beidh uasfhad 300 taobh de pháipéar A4 ann nuair a bheidh sé priontáilte agus déanfar é a chur i láthair agus a leagan amach sa dóigh is go mbeidh sé éasca le léamh, ag baint úsáid as carachtair atá inléite ó thaobh méide de.
|
|
Airteagal 6 5.
|
Ní chuirfear san áireamh an achoimre, an fhaisnéis a chorpraítear trí thagairt i gcomhréir le hAirteagal 19 nó an fhaisnéis bhreise atá le soláthar i gcás ina bhfuil stair chasta airgeadais ag an eisitheoir nó i gcás ina bhfuil gealltanas suntasach airgeadais déanta ag an eisitheoir, dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún (
8
), nó an fhaisnéis atá le soláthar i gcás ollathrú suntasach, mar a shainmhínítear an méid sin in Airteagal 1, pointe (e), den Rialachán Tarmligthe sin, san uasfhad dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 6 6.
|
De mhaolú ar mhír 2, an chéad fhomhír, agus ar mhíreanna 4 agus 5, i gcás ina bhfuil urrúis le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas agus ina dtairgtear iad d’infheisteoirí i dtríú tír nó ina láithrítear iad go príobháideach le hinfheisteoirí i dtríú tír ina n-ullmhaítear doiciméad tairisceana faoin dlí, faoin riail nó faoi chleachtas an mhargaidh, ní bheidh feidhm ag ceanglais i leith na formáide caighdeánaithe, an oird chaighdeánaithe, an uasfhaid, an teimpléid agus leagan amach na réamheolairí, lena n-áirítear na ceanglais maidir le clómhéid agus stíl, maidir leis an réamheolaire chun na hurrúis sin a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.
|
|
Airteagal 6 7.
|
Forbróidh ÚEUM treoirlínte maidir le sothuigtheacht agus maidir le teanga shimplí a úsáid i réamheolairí chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a thugtar iontu gonta, soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir ag brath ar an gcineál réamheolaire agus ar an gcineál infheisteoirí a bhfuiltear ag díriú orthu.
|
|
Airteagal 6 8.
|
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun teimpléad agus leagan amach na réamheolairí a shonrú, lena n-áirítear an chlómhéid agus na ceanglais stíle, ag brath ar an gcineál réamheolaire agus ar chineál na n-infheisteoirí a bhfuiltear ag díriú orthu. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 5 Nollaig 2025. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|