|
+Airteagal 6 1. |
Airteagal 6 1.►M5 Gan dochar d’Airteagal 14a(2), d’Airteagal 15a(2) agus d’Airteagal 18(1), cuimseofar i réamheolaire an fhaisnéis is gá atá ábhartha d’infheisteoir chun measúnú feasach a dhéanamh ar an méid seo a leanas: ◄
(a)
sócmhainní agus dliteanais, brabúis agus caillteanais, staid airgeadais agus ionchais an eisitheora agus aon ráthóra;
(b)
na cearta a ghabhann leis na hurrúis; agus
(c)
na cúiseanna atá leis an eisiúint agus an tionchar a bheidh aici ar an eisitheoir. D’fhéadfadh an fhaisnéis sin a bheith éagsúil ag brath ar aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)
cineál an eisitheora;
(b)
cineál na n-urrús;
(c)
imthosca an eisitheora;
(d)
i gcás inarb ábhartha, cibé acu atá nó nach bhfuil ainmníocht EUR 100 000 ar a laghad ag na hurrúis neamhchothromais in aghaidh an aonaid nó cibé acu atá nó nach bhfuil na hurrúis neamhchothromais le trádáil ar mhargadh rialáilte amháin, nó cuid shonrach den mhargadh sin, a bhféadfaidh infheisteoirí cáilithe, agus iad sin amháin, rochtain a bheith acu air chun críocha trádáil sna hurrúis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|