|
+Airteagal 7 5. |
Airteagal 7 5.►M5 Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh sa roinn dá dtagraítear i mír 4, pointe (a), san ord seo a leanas: ◄
(a)
an t-ainm agus an uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN) a bhaineann leis na hurrúis;
(b)
céannacht agus sonraí teagmhála an eisitheora, lena n-áirítear a aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI);
(c)
i gcás inarb infheidhme, céannacht agus sonraí teagmhála an tairgeora, lena n-áirítear a LEI má tá pearsantacht dhlítheanach ag an tairgeoir, nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;
(d)
céannacht agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil a fhormheasann an réamheolaire agus, más éagsúil, an údaráis inniúil a d’fhormheas an doiciméad clárúcháin nó an doiciméad clárúcháin uilíoch;
(e)
dáta formheasa an réamheolaire. Beidh na rabhaidh seo a leanas inti san ord seo a leanas:
(a)
ní mór an achoimre a léamh mar réamhrá a ghabhann leis an réamheolaire;
(b)
ba cheart aon chinneadh infheistiú sna hurrúis a bheith bunaithe ar bhreithniú a rinne an t-infheisteoir ar an réamheolaire ina iomláine;
(c)
i gcás inarb infheidhme, go bhféadfaidh an t-infheisteoir an caipiteal infheistithe ar fad nó cuid de a chailleadh agus, i gcás nach bhfuil dliteanas an infheisteora teoranta do mhéid an infheistíochta, rabhadh gur féidir leis an infheisteoir níos mó ná an caipiteal a infheistíodh a chailleadh agus méid na gcaillteanas ionchasach sin;
(d)
i gcás ina dtugtar éileamh a bhaineann leis an bhfaisnéis atá i réamheolaire os comhair cúirte, d'fhéadfadh sé go mbeadh ar an infheisteoir is gearánaí na costais a bhaineann le haistriú an réamheolaire a sheasamh, faoin dlí náisiúnta, sula dtionscnófar na himeachtaí dlíthiúla;
(e)
is ar na daoine sin a leag amach an achoimre, lena n-áirítear aon aistriúchán di, agus orthu sin amháin, atá dliteanas sibhialta, ach amháin i gcás ina bhfuil an achoimre míthreorach, míchruinn nó neamhréireach nuair a léitear in éineacht le codanna eile den réamheolaire í, nó más rud é, nuair a léitear in éineacht leis na codanna eile den réamheolaire í, nach dtugtar faisnéis bhunriachtanach inti chun cabhrú le hinfheisteoirí agus é á mbreithniú acu cibé acu ar cheart nó nár cheart dóibh infheistiú sna hurrúis sin;
(f)
i gcás inarb infheidhme, an foláireamh tuisceana atá riachtanach i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 8(3);
(g)
i gcás inarb infheidhme, fógra gur shainaithin an chuideachta saincheisteanna comhshaoil mar thosca riosca ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 16. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|