|
+Airteagal 7 6. |
Airteagal 7 6.►M5 Beidh an fhaisnéis seo a leanas san ord seo a leanas sa roinn dá dtagraítear i mír 4, pointe (b): ◄
(a)
faoi fho-roinn dar teideal 'Cé hé eisitheoir na n-urrús?', tuairisc ghairid ar eisitheoir na n-urrús, lena n-áirítear an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
(i)
a shainchónaí agus a fhoirm dhlíthiúil, a LEI, an dlí faoina bhfeidhmíonn sé agus tír a chorpraithe;
(ii)
a phríomhghníomhaíochtaí;
(iii)
a scairshealbhóirí móra, lena n-áirítear an bhfuil sé faoi úinéireacht nó faoi rialú díreach nó indíreach agus, má tá, ainm an úinéara nó an rialaitheora sin;
(iv)
céannacht a phríomhstiurthóirí bainistíochta;
(v)
céannacht a iniúchóirí reachtúla.
(vi)
i gcás ina bhfuil eisitheoir urrús cothromais faoi réir Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ), ráiteas maidir le cé acu atá nó nach bhfuil baint ag gníomhaíochtaí an eisitheora le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagail 3 agus 9 den Rialachán sin.
(b)
faoi fho-roinn dar teideal 'Cad í an fhaisnéis airgeadais bhunriachtanach a bhaineann leis an eisitheoir?' rogha d'fhaisnéis bhunriachtanach stairiúil airgeadais maidir le gach bliain airgeadais den tréimhse a chuimsítear leis an bhfaisnéis bhunriachtanach stairiúil airgeadais, agus maidir le haon tréimhse eatramhach airgeadais ina dhiaidh sin a bhfuil sonraí comparáideacha ón tréimhse chéanna sa bhliain airgeadais roimhe sin ag gabháil léi. Déanfar an ceanglas maidir le faisnéis chomparáideach ón gclár comhardaithe a chomhlíonadh tríd an bhfaisnéis ón gclár comhardaithe deiridh bliana a thabhairt. Áireofar san fhaisnéis bhunriachtanach airgeadais, i gcás inarb iomchuí, an méid a leanas:
(i)
faisnéis airgeadais pro forma;
(ii)
►C1 tuairisc ghairid ◄ ar aon cháilíochtaí sa tuarascáil iniúchóireachta a bhaineann leis an bhfaisnéis stairiúil airgeadais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|