+Airteagal 13 Íosmhéid faisnéise agus formáid
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 1a.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
|
Airteagal 13 Íosmhéid faisnéise agus formáid
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Faoin 5 Meitheamh 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le formáid chaighdeánaithe agus ord caighdeánaithe an réamheolaire, an réamheolaire bunaidh agus na téarmaí críochnaitheacha, agus na sceidil lena sainítear an fhaisnéis shonrach atá le cur san áireamh i réamheolaire, lena n-áirítear LEInna agus ISINanna, lena seachnófar dúbailt faisnéise nuair a bhíonn réamheolaire comhdhéanta de dhoiciméid ar leithligh.
▼B
Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh, go háirithe, agus sceidil éagsúla an réamheolaire á leagan amach:
(a)
na cineálacha éagsúla faisnéise faoi urrúis chothromais i gcomparáid le hurrúis neamhchothromais a bheidh de dhíth ar infheisteoirí; cur chuige comhsheasmhach a ghlacadh maidir leis an bhfaisnéis is gá a chur i réamheolaire i gcás urrúis a bhfuil réasúnaíocht eacnamaíoch den chineál céanna leo, go háirithe urrúis dhíorthacha;
(b)
na caíonna éagsúla le hurrúis neamhchothromais a thairiscint agus a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus na tréithe éagsúla a bhaineann leo;
(c)
an fhormáid a úsáidtear agus an fhaisnéis faoi urrúis neamhchothromais, gach cineál barántais san áireamh, is gá a chur i réamheolairí bunaidh;
(d)
más infheidhme, cineál poiblí an eisitheora;
(e)
más infheidhme, cineál sonrach ghníomhaíochtaí an eisitheora;
▼M5
(f)
an bhfuil sé de cheangal ar eisitheoir na n-urrús cothromais tuairisciú inbhuanaitheachta a sholáthar, mar aon leis an tuairim dearbhaithe lena mbaineann, i gcomhréir le Treoir 2004/109/CE agus Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
);
(g)
an ndéantar urrúis neamhchothromais a thairgtear don phobal nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a fhógairt mar thosca comhshaoil, sóisialta nó rialachais (ESG) nó a thugann faoi chuspóirí ESG a chur san áireamh.
▼B
Chun críocha phointe (b) den dara fhomhír, agus sceidil na réamheolairí éagsúla á leagan amach aige, leagfaidh an Coimisiún amach ceanglais shonracha faisnéise do réamheolairí a bhaineann le hurrúis neamhchothromais a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte:
(a)
nach bhfuil le trádáil ach ar mhargadh rialáilte amháin, nó ar chuid shonrach de, a bhféadfaidh infheisteoirí cáilithe, agus iad sin amháin, rochtain a bheith acu air chun críocha trádáil sna hurrúis sin; nó
(b)
a bhfuil ainmníocht EUR 100 000 ar a laghad acu in aghaidh an aonaid.
Beidh na ceanglais faisnéise sin iomchuí, agus riachtanais faisnéise na n-infheisteoirí lena mbaineann á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 13 1a.
|
Chun críocha mhír 1, an dara fomhír, pointe (g), agus sceidil éagsúla na réamheolairí á leagan amach, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a)
corprófar trí thagairt sa réamheolaire le haghaidh Banna Glas Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
12
) an fhaisnéis ábhartha atá sa bhileog eolais maidir le Bannaí Glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán sin;
(b)
sa réamheolaire le haghaidh banna a mhargaítear mar bhanna comhshaoil inbhuanaithe nó le haghaidh banna atá nasctha le hinbhuanaitheacht, dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (c), den Rialachán sin, áireofar nochtaí roghnacha a leagtar amach sa Rialachán sin, ar choinníoll gur roghnaigh an t-eisitheoir na nochtaí roghnacha sin.
|
|
Airteagal 13 2.
|
►M5
Glacfaidh an Coimisiún, faoin 5 Meitheamh 2026, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an sceideal a leagan amach lena sonraítear an t-íosmhéid faisnéise a bheidh le cur sa doiciméad clárúcháin uilíoch. ◄
Áiritheofar sa sceideal sin go mbeidh an fhaisnéis riachtanach uile faoin eisitheoir sa doiciméad clárúcháin uilíoch le go bhféadfar an doiciméad clárúcháin uilíoch céanna a úsáid ina dhiaidh sin chun urrúis chothromais nó urrúis neamhchothromais a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Maidir leis an bhfaisnéis airgeadais, an t-athbhreithniú agus na hionchais oibriúcháin agus airgeadais agus an rialachas corparáideach, déanfar na nithe sin a chur i gcomhréir, a mhéid is féidir, leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a nochtadh sna tuarascálacha bliantúla agus leathbhliantúla airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 de Threoir 2004/109/CE, lena n-áirítear an tuarascáil bainistíochta agus an ráiteas rialachais chorparáidigh.
|
|
Airteagal 13 3.
|
Comhlíonfaidh na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|