|
+Airteagal 13 1. |
Airteagal 13 1.Faoin 5 Meitheamh 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le formáid chaighdeánaithe agus ord caighdeánaithe an réamheolaire, an réamheolaire bunaidh agus na téarmaí críochnaitheacha, agus na sceidil lena sainítear an fhaisnéis shonrach atá le cur san áireamh i réamheolaire, lena n-áirítear LEInna agus ISINanna, lena seachnófar dúbailt faisnéise nuair a bhíonn réamheolaire comhdhéanta de dhoiciméid ar leithligh. Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh, go háirithe, agus sceidil éagsúla an réamheolaire á leagan amach:
(a)
na cineálacha éagsúla faisnéise faoi urrúis chothromais i gcomparáid le hurrúis neamhchothromais a bheidh de dhíth ar infheisteoirí; cur chuige comhsheasmhach a ghlacadh maidir leis an bhfaisnéis is gá a chur i réamheolaire i gcás urrúis a bhfuil réasúnaíocht eacnamaíoch den chineál céanna leo, go háirithe urrúis dhíorthacha;
(b)
na caíonna éagsúla le hurrúis neamhchothromais a thairiscint agus a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus na tréithe éagsúla a bhaineann leo;
(c)
an fhormáid a úsáidtear agus an fhaisnéis faoi urrúis neamhchothromais, gach cineál barántais san áireamh, is gá a chur i réamheolairí bunaidh;
(d)
más infheidhme, cineál poiblí an eisitheora;
(e)
más infheidhme, cineál sonrach ghníomhaíochtaí an eisitheora;
(f)
an bhfuil sé de cheangal ar eisitheoir na n-urrús cothromais tuairisciú inbhuanaitheachta a sholáthar, mar aon leis an tuairim dearbhaithe lena mbaineann, i gcomhréir le Treoir 2004/109/CE agus Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 );
(g)
an ndéantar urrúis neamhchothromais a thairgtear don phobal nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a fhógairt mar thosca comhshaoil, sóisialta nó rialachais (ESG) nó a thugann faoi chuspóirí ESG a chur san áireamh. Chun críocha phointe (b) den dara fhomhír, agus sceidil na réamheolairí éagsúla á leagan amach aige, leagfaidh an Coimisiún amach ceanglais shonracha faisnéise do réamheolairí a bhaineann le hurrúis neamhchothromais a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte:
(a)
nach bhfuil le trádáil ach ar mhargadh rialáilte amháin, nó ar chuid shonrach de, a bhféadfaidh infheisteoirí cáilithe, agus iad sin amháin, rochtain a bheith acu air chun críocha trádáil sna hurrúis sin; nó
(b)
a bhfuil ainmníocht EUR 100 000 ar a laghad acu in aghaidh an aonaid. Beidh na ceanglais faisnéise sin iomchuí, agus riachtanais faisnéise na n-infheisteoirí lena mbaineann á gcur san áireamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|