+Airteagal 27 1.

Airteagal 27 1.

I gcás ina ndéanfar urrús a thairiscint don phobal nó i gcás ina n-iarrtar ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte sa Bhallstát baile amháin, déanfar an réamheolaire a tharraingt suas i dteanga lena nglacann údarás inniúil an Bhallstáit baile nó i dteanga eile a úsáidtear de ghnáth sa réimse airgeadais idirnáisiúnta, de réir rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach chun trádála é ar mhargadh rialáilte.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh Ballstát rogha a dhéanamh gan a bheith páirteach agus a éileamh go ndéanfaí an réamheolaire maidir le tairiscint urrús don phobal nó ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte nach bhfuil á iarraidh ach sa Bhallstát sin, go ndéanfaí an réamheolaire sin a tharraingt suas i dteanga a nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin léi. Sa chás sin, tabharfaidh an Ballstát sin fógra don Choimisiún agus do ÚEUM maidir leis an gcinneadh sin.

Foilseoidh ÚEUM, ar a shuíomh gréasáin, liosta de na teangacha a nglacann údaráis inniúla gach Ballstáit leo le haghaidh tairiscint urrús don phobal nó ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte nach bhfuil á iarraidh ach sa Bhallstát baile.

Beidh an achoimre dá dtagraítear in Airteagal 7 ar fáil i dteanga oifigiúil an Bhallstáit baile, nó i gceann amháin ar a laghad dá theangacha oifigiúla, nó i dteanga eile lena nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin. Ní éileoidh an t-údarás inniúil sin aon chuid eile den réamheolaire a aistriú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.