+Airteagal 27 Teangacha atá le húsáid
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 4.
---+Airteagal 27 5.
|
Airteagal 27 Teangacha atá le húsáid
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 1.
|
I gcás ina ndéanfar urrús a thairiscint don phobal nó i gcás ina n-iarrtar ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte sa Bhallstát baile amháin, déanfar an réamheolaire a tharraingt suas i dteanga lena nglacann údarás inniúil an Bhallstáit baile nó i dteanga eile a úsáidtear de ghnáth sa réimse airgeadais idirnáisiúnta, de réir rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach chun trádála é ar mhargadh rialáilte. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh Ballstát rogha a dhéanamh gan a bheith páirteach agus a éileamh go ndéanfaí an réamheolaire maidir le tairiscint urrús don phobal nó ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte nach bhfuil á iarraidh ach sa Bhallstát sin, go ndéanfaí an réamheolaire sin a tharraingt suas i dteanga a nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin léi. Sa chás sin, tabharfaidh an Ballstát sin fógra don Choimisiún agus do ÚEUM maidir leis an gcinneadh sin. Foilseoidh ÚEUM, ar a shuíomh gréasáin, liosta de na teangacha a nglacann údaráis inniúla gach Ballstáit leo le haghaidh tairiscint urrús don phobal nó ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte nach bhfuil á iarraidh ach sa Bhallstát baile. Beidh an achoimre dá dtagraítear in Airteagal 7 ar fáil i dteanga oifigiúil an Bhallstáit baile, nó i gceann amháin ar a laghad dá theangacha oifigiúla, nó i dteanga eile lena nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin. Ní éileoidh an t-údarás inniúil sin aon chuid eile den réamheolaire a aistriú.
|
|
Airteagal 27 2.
|
I gcás ina ndéanfar tairiscint urrús don phobal nó ina n-iarrfar ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte i níos mó ná Ballstát amháin lena n-áirítear an Ballstát baile nó i mBallstát amháin nó níos mó gan an Ballstát baile a áireamh, déanfar an réamheolaire a tharraingt suas i dteanga lena nglacann údaráis inniúla an Bhallstáit baile, i gcás inarb ábhartha, agus gach Ballstáit óstaigh nó i dteanga a úsáidtear de ghnáth sa réimse airgeadais idirnáisiúnta, de rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte. Beidh an achoimre dá dtagraítear in Airteagal 7 ar fáil i dteanga oifigiúil gach Ballstáit, nó i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla gach Ballstáit, nó i dteanga eile lena nglacann údarás inniúil gach Ballstáit. Ní éileoidh na Ballstáit go ndéanfaí aon chuid eile den réamheolaire a aistriú.
|
|
Airteagal 27 4.
|
Déanfar na téarmaí críochnaitheacha a tharraingt suas sa teanga chéanna le teanga an réamheolaire bunaidh fhormheasta. Beidh an achoimre ar an tsaincheist aonair ar fáil i dteanga oifigiúil an Bhallstáit baile, nó i gceann amháin dá theangacha oifigiúla ar a laghad, nó i dteanga eile lena nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin. Nuair a chuirtear na téarmaí críochnaitheacha in iúl, i gcomhréir le hAirteagal 25(4), d’údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh nó, má tá níos mó ná Ballstát óstach amháin ann, d’údaráis inniúla na mBallstát óstach, beidh achoimre ar an tsaincheist aonair atá i gceangal leis na téarmaí críochnaitheacha ar fáil i dteanga oifigiúil an Bhallstáit óstaigh nó i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh, nó i dteanga eile lena nglacann údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh i gcomhréir le mír 2, an dara fomhír.
|
|
Airteagal 27 5.
|
I gcás ina mbaineann réamheolaire le hurrúis a bheith á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte d’urrúis neamhchothromais agus ina n-iarrtar an ligean isteach chun a dtrádála i gceann amháin nó níos mó Ballstát, tarraingeofar suas an réamheolaire i dteanga a nglacann údarás inniúil an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit óstaigh léi nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, de rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, de réir mar a bheidh, ar an gcoinníoll:
(a)
nach ndéanfar na hurrúis sin a thrádáil ach amháin ar mhargadh rialáilte, nó ar chuid shonrach de mhargadh rialáilte, nach bhfuil ach infheisteoirí cáilithe in ann rochtain a fháil uirthi chun na hurrúis sin a thrádáil; nó
(b)
go bhfuil ainmníocht ag na hurrúis sin arb ionann í agus EUR 100 000 in aghaidh an aonaid í ar a laghad.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|