+Airteagal 29 Coibhéis
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.
---+Airteagal 29 5.

Airteagal 29 Coibhéis

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 29 1.

Féadfaidh eisitheoir tríú tír urrúis a thairiscint don phobal san Aontas nó ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte atá bunaithe san Aontas a iarraidh tar éis réamheolaire a fhoilsiú arna tharraingt suas agus arna fhormheas i gcomhréir le dlíthe náisiúnta, agus faoi réir dhlíthe náisiúnta, an tríú tír (dá ngairtear “réamheolaire tríú tír” anseo feasta), ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a) 

tá gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4;

(b) 

tá an réamheolaire comhdaithe ag an eisitheoir tríú tír le húdarás inniúil a Bhallstáit baile;

(c) 

sholáthair an t-eisitheoir í dtríú tír dearbhú i scríbhinn gur fhormheas údarás maoirseachta tríú tír an réamheolaire agus gur sholáthair sé sonraí teagmhála an údaráis sin;

(d) 

comhlíontar leis an réamheolaire na ceanglais teanga a leagtar amach in Airteagal 27;

(e) 

comhlíonann na fógraí ábhartha uile a scaipeann an t-eisitheoir tríú tír san Aontas na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 22(2) go (5);

(f) 

tá socruithe comhair tugtha i gcrích ag an mBallstát baile nó, i gcás inarb ábhartha, ag ÚEUM, le húdaráis ábhartha mhaoirseachta an eisitheora i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 30.

Airteagal 29 2.
I gcás, i gcomhréir le mír 1, ina dtairgeann eisitheoir tríú tír urrúis don phobal nó ina n-iarrann sé go ligfí isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte é i mBallstát seachas an Ballstát baile, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 24, 25 agus 27.
Airteagal 29 3.
I gcás ina gcomhlíontar na critéir go léir a leagtar síos i mír 1, beidh na cearta ag an eisitheoir tríú tír agus beidh sé faoi réir na n-oibleagáidí go léir i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi mhaoirseacht údarás inniúil an Bhallstáit baile.
Airteagal 29 4.

Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2), lena gcinnfear go n-áirithítear le creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonann réamheolaire tríú tír ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá coibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear sa Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

áiritheofar le ceanglais cheangailteacha dlí an tríú tír go gcuimseofar i réamheolaire an tríú tír an fhaisnéis ábhartha is gá chun go mbeidh infheisteoirí ábalta cinneadh feasach infheistíochta a dhéanamh ar bhealach a bheidh coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b) 

i gcás ina mbeidh cead ag infheisteoirí miondíola infheistíocht a dhéanamh in urrúis a bhfuil réamheolaire tríú tír tarraingthe suas ina leith, beidh achoimre sa réamheolaire sin ina dtugtar an fhaisnéis bhunriachtanach is gá d’infheisteoirí miondíola chun go dtuigfidh siad cineál agus rioscaí an eisitheora, na n-urrús agus, i gcás inarb infheidhme, an ráthóra, agus ní mór é sin a léamh in éineacht le ranna eile an réamheolaire sin;

(c) 

beidh feidhm ag dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin an tríú tír maidir le dliteanas sibhialta maidir leis na daoine atá freagrach as an bhfaisnéis a thugtar sa réamheolaire, lena n-áirítear ar a laghad don eisitheoir nó dá chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, an tairgeoir, an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus, i gcás inarb infheidhme, don ráthóir;

(d) 

sonrófar i gceanglais cheangailteacha dlí an tríú tír bailíocht réamheolaire an tríú tír agus an oibleagáid maidir le réamheolaire an tríú tír a fhorlíonadh i gcás ina bhféadfadh toisc shuntasach nua, botún ábhartha nó míchruinneas ábhartha na faisnéise a áirítear sa réamheolaire sin dul i gcion ar mheasúnú na n-urrús, chomh maith leis na coinníollacha d’infheisteoirí chun a gcearta chun tarraingt siar a fheidhmiú sa chás sin;

(e) 

tá éifeacht choibhéiseach ag creat maoirseachta an tríú tír maidir le grinnscrúdú agus formheas réamheolairí tríú tír agus ag na socruithe maidir le réamheolairí tríú tír a fhoilsiú leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagail 20 agus 21.

Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme sin a chur faoi réir comhlíonadh éifeachtach agus leanúnach tríú tír maidir le haon cheanglas a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme sin.

Airteagal 29 5.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 44, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha dá dtagraítear i mír 4 a shonrú a thuilleadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.