|
+Airteagal 7a 1. |
Airteagal 7a 1.Gan dochar don sásra pionóis dá dtagraítear in Airteagal 7(2) ná don cheart an t-idirbheart a chur ar ceal go déthaobhach, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach agus bunaithe ar an measúnú costais agus tairbhe arna sholáthar ag ÚEUM de bhun Airteagal 74(4), féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, a chinneadh cé acu de na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1), nó catagóirí idirbheart sna hionstraimí airgeadais sin, a bhfuil an córas ceannach isteach éigeantaigh dá dtagraítear i míreanna 4 go 10 den Airteagal seo le cur i bhfeidhm maidir leo i gcás ina measann an Coimisiún gur modh riachtanach, iomchuí agus comhréireach é an ceannach isteach éigeantach chun aghaidh a thabhairt ar leibhéal na dteipeanna socraíochta san Aontas. Ní fhéadfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh ach amháin má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(a)
ní raibh laghdú inbhuanaithe fadtéarmach ar theipeanna socraíochta san Aontas ná leibhéal laghdaithe ar theipeanna socraíochta san Aontas mar thoradh ar chur i bhfeidhm an tsásra pionóis dá dtagraítear in Airteagal 7(2), fiú tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal na bpionós airgid thirim i gcomhréir le hAirteagal 7(5), an dara fomhír;
(b)
bíonn nó is dócha go mbeidh éifeacht dhiúltach ag leibhéal na dteipeanna socraíochta san Aontas ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais. Chun teacht ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas uile san áireamh:
(a)
an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bpróiseas ceannach isteach éigeantaigh ar mhargaí airgeadais san Aontas;
(b)
líon, méid agus fad na dteipeanna socraíochta, lena n-áirítear líon agus méid na dteipeanna socraíochta atá gan íoc ag deireadh na tréimhse sínidh dá dtagraítear i mír 4;
(c)
cibé atá nó nach bhfuil ionstraim airgeadais ar leith nó catagóir idirbheart ar leith san ionstraim airgeadais sin faoi réir forálacha conarthacha iomchuí cheana féin lena dtugtar ceart do rannpháirtithe is faighteoirí ceannach isteach a ghníomhachtú. Déanfar an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2). Sonrófar ann dáta cur i bhfeidhm nach luaithe ná 1 bhliain amháin tar éis dó teacht i bhfeidhm. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|