+Airteagal 7a An próiseas ceannach isteach éigeantaigh
---+Airteagal 7a 1.
---+Airteagal 7a 2.
---+Airteagal 7a 3.
---+Airteagal 7a 4.
---+Airteagal 7a 5.
---+Airteagal 7a 6.
---+Airteagal 7a 7.
---+Airteagal 7a 8.
---+Airteagal 7a 9.
---+Airteagal 7a 10.
---+Airteagal 7a 11.
---+Airteagal 7a 12.
---+Airteagal 7a 13.
---+Airteagal 7a 14.
---+Airteagal 7a 15.
|
Airteagal 7a An próiseas ceannach isteach éigeantaigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7a 1.
|
Gan dochar don sásra pionóis dá dtagraítear in Airteagal 7(2) ná don cheart an t-idirbheart a chur ar ceal go déthaobhach, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach agus bunaithe ar an measúnú costais agus tairbhe arna sholáthar ag ÚEUM de bhun Airteagal 74(4), féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, a chinneadh cé acu de na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1), nó catagóirí idirbheart sna hionstraimí airgeadais sin, a bhfuil an córas ceannach isteach éigeantaigh dá dtagraítear i míreanna 4 go 10 den Airteagal seo le cur i bhfeidhm maidir leo i gcás ina measann an Coimisiún gur modh riachtanach, iomchuí agus comhréireach é an ceannach isteach éigeantach chun aghaidh a thabhairt ar leibhéal na dteipeanna socraíochta san Aontas. Ní fhéadfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh ach amháin má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(a)
ní raibh laghdú inbhuanaithe fadtéarmach ar theipeanna socraíochta san Aontas ná leibhéal laghdaithe ar theipeanna socraíochta san Aontas mar thoradh ar chur i bhfeidhm an tsásra pionóis dá dtagraítear in Airteagal 7(2), fiú tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal na bpionós airgid thirim i gcomhréir le hAirteagal 7(5), an dara fomhír;
(b)
bíonn nó is dócha go mbeidh éifeacht dhiúltach ag leibhéal na dteipeanna socraíochta san Aontas ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais.
Chun teacht ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas uile san áireamh:
(a)
an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bpróiseas ceannach isteach éigeantaigh ar mhargaí airgeadais san Aontas;
(b)
líon, méid agus fad na dteipeanna socraíochta, lena n-áirítear líon agus méid na dteipeanna socraíochta atá gan íoc ag deireadh na tréimhse sínidh dá dtagraítear i mír 4;
(c)
cibé atá nó nach bhfuil ionstraim airgeadais ar leith nó catagóir idirbheart ar leith san ionstraim airgeadais sin faoi réir forálacha conarthacha iomchuí cheana féin lena dtugtar ceart do rannpháirtithe is faighteoirí ceannach isteach a ghníomhachtú.
Déanfar an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2). Sonrófar ann dáta cur i bhfeidhm nach luaithe ná 1 bhliain amháin tar éis dó teacht i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 7a 2.
|
Foilseoidh ÚEUM liosta de na hionstraimí airgeadais arna gcinneadh leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus coinneoidh sé cothrom le dáta ar a shuíomh gréasáin é.
|
|
Airteagal 7a 3.
|
Sula nglacfaidh sé an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
(a)
measúnú ar éifeachtacht agus comhréireacht an tsásra pionóis dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus, i gcás inarb iomchuí, struchtúr nó déine an tsásra pionóis a athrú chun éifeachtúlacht socraíochta san Aontas a mhéadú;
(b)
breithniú an bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta, in ainneoin an sásra pionóis dá dtagraítear in Airteagal 7(2) a bheith curtha i bhfeidhm roimh ré agus na réasúnaíochta agus na n-impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hionstraimí airgeadais sonracha agus catagóirí idirbheart sonracha a chur faoi réir ceannach isteach éigeantach.
|
|
Airteagal 7a 4.
|
Gan dochar don cheart chun an t-idirbheart a chur ar ceal go déthaobhach, i gcás inar ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun mhír 1 agus i gcás nár sholáthair rannpháirtí a bhfuil ag teip air na hionstraimí airgeadais a chumhdaítear leis an ngníomh cur chun feidhme sin don rannpháirtí is faighteoir laistigh de thréimhse tar éis an dáta socraíochta atá beartaithe (‘tréimhse shínidh’) de 5 lá gnó, cuirfear tús le próiseas ceannach isteach éigeantaigh. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, bunaithe ar an gcineál sócmhainne agus ar leachtacht na n-ionstraimí airgeadais lena mbaineann, féadfar an tréimhse shínidh a mhéadú go 7 lá gnó ar a mhéad i gcás ina mbeadh tionchar ag tréimhse shínidh níos giorra ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí lena mbaineann. De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara fomhír, i gcás ina mbaineann an t-idirbheart le hionstraim airgeadais a thrádáiltear ar mhargadh fáis FBManna, is é 15 lá gnó a bheidh sa tréimhse shínidh ach amháin má chinneann margadh fáis FBManna tréimhse níos giorra a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 7a 5.
|
Beidh na hionstraimí atá faoi réir an phróisis ceannach isteach éigeantaigh ar fáil lena socrú agus soláthrófar iad don rannpháirtí is faighteoir laistigh de thréimhse ama iomchuí.
|
|
Airteagal 7a 6.
|
I gcás, mar thoradh ar theip socraíochta i slabhra idirbheart, inarb ann do theipeanna socraíochta ar idirbhearta ina dhiaidh sin sa slabhra, beidh sé de cheart ag gach rannpháirtí a oibleagáid an ceannach isteach éigeantach a thionscnamh a chur ar aghaidh chuig an gcéad rannpháirtí eile sa slabhra. Measfar go gcomhlíonann an rannpháirtí is faighteoir idirmheánach an oibleagáid ceannach isteach éigeantach a dhéanamh i gcoinne an rannpháirtí a bhfuil ag teip air i gcás ina gcuireann sé a oibleagáid ar aghaidh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. Féadfaidh an rannpháirtí is faighteoir idirmheánach freisin a chuid oibleagáidí i leith an rannpháirtí is faighteoir deiridh a chur ar aghaidh chuig an rannpháirtí a bhfuil ag teip air de bhun mhíreanna 8, 9 agus 10. Cuirfear an TLU ábhartha ar an eolas faoin gcaoi ar réitíodh an t-idirbheart ar theip air feadh shlabhra na n-idirbheart.
|
|
Airteagal 7a 7.
|
Ní bheidh feidhm ag an bpróiseas ceannach isteach éigeantaigh dá dtagraítear i mír 4 maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na teipeanna socraíochta, oibríochtaí agus idirbhearta a liostaítear in Airteagal 7(3);
(b)
idirbhearta maoiniúcháin urrús;
(c)
cineálacha eile idirbheart a fhágann nach bhfuil gá leis an bpróiseas ceannach isteach;
(d)
idirbhearta a thagann faoi raon feidhme Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012.
|
|
Airteagal 7a 8.
|
Gan dochar don sásra pionóis dá dtagraítear in Airteagal 7(2), i gcás ina bhfuil praghas na n-ionstraimí airgeadais a comhaontaíodh tráth na trádála difriúil leis an bpraghas a íocadh as an gceannach isteach a dhéanamh, déanfaidh an rannpháirtí a bhaineann tairbhe as an difríocht sa phraghas an difríocht a íoc leis an rannpháirtí eile tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis na hionstraimí airgeadais a bheith soláthartha tar éis an cheannach isteach.
|
|
Airteagal 7a 9.
|
Má theipeann ar an gceannach isteach nó mura bhféadfar é a dhéanamh, féadfaidh an rannpháirtí is faighteoir rogha a dhéanamh íocaíocht a fháil trí chúiteamh airgid thirim nó déanamh an cheannach isteach a chur siar go dáta níos déanaí atá iomchuí (‘tréimhse iarchurtha’). Mura soláthraítear na hionstraimí airgeadais ábhartha don rannpháirtí is faighteoir faoi dheireadh na tréimhse iarchurtha, íocfar an cúiteamh airgid thirim don rannpháirtí is faighteoir. Íocfar cúiteamh airgid thirim tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis dheireadh an phróisis ceannach isteach éigeantaigh dá dtagraítear i mír 4 nó, i gcásanna ina roghnaíonn an rannpháirtí is faighteoir déanamh an cheannach isteach a chur siar, tar éis dheireadh na tréimhse iarchurtha.
|
|
Airteagal 7a 10.
|
Aisíocfaidh an rannpháirtí a bhfuil ag teip air an t-eintiteas a dhéanann an ceannach isteach i leith na méideanna uile arna n-íoc i ndáil leis an bpróiseas ceannach isteach éigeantaigh arna thionscnamh de bhun mhír 4, an chéad fhomhír, lena n-áirítear aon táillí a eascraíonn as an gceannach isteach a dhéanamh. Déanfar táillí den sórt sin a nochtadh go soiléir do na rannpháirtithe.
|
|
Airteagal 7a 11.
|
Beidh feidhm ag míreanna 4 go 10 maidir le gach idirbheart de chuid na n-ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar ionad trádála nó atá imréitithe ag CPL mar a leanas:
(a)
i gcás idirbhearta atá imréitithe ag CPL, is é CPL an t-eintiteas a dhéanann an ceannach isteach i gcomhréir le míreanna 4 go 10;
(b)
i gcás idirbhearta nach bhfuil imréitithe ag CPL, ach a dhéantar ar ionad trádála, áireoidh an t-ionad trádála ina rialacha inmheánacha oibleagáid ar a chomhaltaí agus ar a rannpháirtithe na bearta dá dtagraítear i míreanna 4 go 10 a chur i bhfeidhm;
(c)
i gcás na n-idirbheart go léir seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den fhomhír seo, áireoidh TLUnna ina rialacha inmheánacha oibleagáid ar a rannpháirtithe a bheith faoi réir na mbeart dá dtagraítear i míreanna 4 go 10.
Soláthróidh TLU an fhaisnéis riachtanach socraíochta do CPLanna agus d’ionaid trádála lena chur ar a gcumas a n-oibleagáidí faoin mír seo a chomhlíonadh. Gan dochar do phointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír, féadfaidh TLUnna faireachán a dhéanamh ar dhéanamh ceannach isteach dá dtagraítear sna pointí sin i leith treoracha iolracha socraíochta, maidir leis na hionstraimí airgeadais céanna agus leis an dáta éaga céanna don tréimhse ina ndéantar iad, a mbeidh sé d’aidhm acu an líon ceannach isteach atá le déanamh a íoslaghdú agus ar an gcaoi sin an tionchar ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais ábhartha a íoslaghdú freisin.
|
|
Airteagal 7a 12.
|
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás ina bhfuil an príomhionad chun scaireanna a thrádáil lonnaithe i dtríú tír. Cinnfear láthair an phríomhionaid chun scaireanna a thrádáil i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012.
|
|
Airteagal 7a 13.
|
Féadfaidh ÚEUM a mholadh go bhfionródh an Coimisiún, ar bhealach comhréireach, an sásra ceannach isteach dá dtagraítear i míreanna 4 go 10 le haghaidh catagóirí sonracha d’ionstraimí airgeadais i gcás inar gá chun bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas nó chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt den sórt sin. Beidh measúnú lánréasúnaithe ar an ngá atá leis ag gabháil le moladh den sórt sin, agus ní dhéanfar é a phoibliú. Sula ndéanfaidh sé an moladh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le comhaltaí CEBC agus an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach. Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí tar éis an moladh a fháil, ar bhonn na gcúiseanna agus na fianaise a sholáthair ÚEUM, an sásra ceannach isteach éigeantaigh dá dtagraítear i míreanna 4 go 10 a fhionraí le haghaidh catagóirí sonracha d’ionstraimí airgeadais trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, nó an fhionraí mholta a dhiúltú. I gcás ina ndiúltaíonn an Coimisiún don fhionraí mholta, cuirfidh sé na cúiseanna leis sin i scríbhinn chuig ÚEUM. Ní dhéanfar faisnéis den sórt sin a phoibliú. Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa tríú fomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 68(3). Cuirfear fionraí an tsásra ceannach isteach éigeantaigh in iúl do ÚEUM agus foilseofar í in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. Beidh fionraí an tsásra ceannach isteach éigeantaigh bailí ar feadh tréimhse thosaigh nach faide ná 6 mhí ó dháta chur i bhfeidhm na fionraí sin. I gcás ina leanann forais na fionraí d’fheidhm a bheith acu, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, síneadh a chur leis an bhfionraí le haghaidh tréimhsí breise nach faide ná 3 mhí an ceann, ach ní mhairfidh tréimhse iomlán na fionraí tréimhse níos faide ná 12 mhí. Déanfar síneadh ar bith a chuirtear leis an bhfionraí a fhoilsiú i gcomhréir leis an gcúigiú fomhír. Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa seachtú fomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 68(3). Déanfaidh ÚEUM, in am trátha roimh dheireadh na fionraí dá dtagraítear sa séú fomhír nó roimh dheireadh an tsínidh dá dtagraítear sa seachtú fomhír, tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir le cibé acu a leanann nó nach leanann forais na fionraí d’fheidhm a bheith acu.
|
|
Airteagal 7a 14.
|
I gcás ina bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1, déanfaidh sé athbhreithniú ar an gcinneadh sin ar bhonn tráthrialta agus gach 4 bliana ar a laghad chun measúnú a dhéanamh cibé atá na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin fós á gcomhlíonadh nó nach bhfuil. I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil bonn cirt a thuilleadh le ceannach isteach éigeantach nó nach dtugann sé aghaidh ar theipeanna socraíochta san Aontas agus nach bhfuil sé riachtanach, iomchuí ná comhréireach a thuilleadh, glacfaidh sé, gan mhoill, gníomhartha cur chun feidhme lena leasaítear nó lena n-aisghairtear an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1. Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2). I gcás ina measann ÚEUM nach bhfuil bonn cirt a thuilleadh le ceannach isteach éigeantach nó nach dtugann sé aghaidh ar theipeanna socraíochta san Aontas agus nach bhfuil sé riachtanach, iomchuí ná comhréireach a thuilleadh, féadfaidh sé a mholadh don Choimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a leasú nó a aisghairm. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 13, an chéad fhomhír go dtí an ceathrú fomhír.
|
|
Airteagal 7a 15.
|
Déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú a thuilleadh:
(a)
mionsonraí oibríocht oibriú an phróisis ceannach isteach iomchuí dá dtagraítear i míreanna 4 go 10, lena n-áirítear tréimhsí ama iomchuí, calabraithe agus an cineál sócmhainne agus leachtacht na n-ionstraimí airgeadais á gcur san áireamh, chun an ionstraim airgeadais a sholáthar tar éis an phróisis ceannach isteach;
(b)
na himthosca ina bhféadfaí cur leis an tréimhse shínidh de réir an chineáil sócmhainne agus leachtacht na n-ionstraimí airgeadais, i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, agus na critéir i ndáil le measúnú a dhéanamh ar leachtacht faoi Airteagal 2(1), pointe (17), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 á gcur san áireamh;
(c)
mionsonraí an tsásra cur ar aghaidh faoi mhír 6;
(d)
cineálacha eile idirbheart a fhágann nach bhfuil gá leis an bpróiseas ceannach isteach dá dtagraítear i mír 7, pointe (c), amhail socruithe comhthaobhachta airgeadais nó idirbhearta lena n-áirítear forálacha glanluachála socraíochta;
(e)
modheolaíocht chun an cúiteamh airgid thirim dá dtagraítear i mír 9 a ríomh;
(f)
an fhaisnéis riachtanach socraíochta dá dtagraítear i mír 11, an dara fomhír; agus
(g)
na mionsonraí maidir leis an gcaoi ina bhfuil rannpháirtithe TLUnna, CPLanna agus comhaltaí an ionaid trádála le sainiúlachtaí na n-infheisteoirí miondíola a chur san áireamh agus an ceannach isteach éigeantach á dhéanamh i gcomhréir le mír 11.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0909
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|