|
+Airteagal 7a 11. |
Airteagal 7a 11.Beidh feidhm ag míreanna 4 go 10 maidir le gach idirbheart de chuid na n-ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar ionad trádála nó atá imréitithe ag CPL mar a leanas:
(a)
i gcás idirbhearta atá imréitithe ag CPL, is é CPL an t-eintiteas a dhéanann an ceannach isteach i gcomhréir le míreanna 4 go 10;
(b)
i gcás idirbhearta nach bhfuil imréitithe ag CPL, ach a dhéantar ar ionad trádála, áireoidh an t-ionad trádála ina rialacha inmheánacha oibleagáid ar a chomhaltaí agus ar a rannpháirtithe na bearta dá dtagraítear i míreanna 4 go 10 a chur i bhfeidhm;
(c)
i gcás na n-idirbheart go léir seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den fhomhír seo, áireoidh TLUnna ina rialacha inmheánacha oibleagáid ar a rannpháirtithe a bheith faoi réir na mbeart dá dtagraítear i míreanna 4 go 10. Soláthróidh TLU an fhaisnéis riachtanach socraíochta do CPLanna agus d’ionaid trádála lena chur ar a gcumas a n-oibleagáidí faoin mír seo a chomhlíonadh. Gan dochar do phointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír, féadfaidh TLUnna faireachán a dhéanamh ar dhéanamh ceannach isteach dá dtagraítear sna pointí sin i leith treoracha iolracha socraíochta, maidir leis na hionstraimí airgeadais céanna agus leis an dáta éaga céanna don tréimhse ina ndéantar iad, a mbeidh sé d’aidhm acu an líon ceannach isteach atá le déanamh a íoslaghdú agus ar an gcaoi sin an tionchar ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais ábhartha a íoslaghdú freisin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|