|
+Airteagal 7a 14. |
Airteagal 7a 14.I gcás ina bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1, déanfaidh sé athbhreithniú ar an gcinneadh sin ar bhonn tráthrialta agus gach 4 bliana ar a laghad chun measúnú a dhéanamh cibé atá na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin fós á gcomhlíonadh nó nach bhfuil. I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil bonn cirt a thuilleadh le ceannach isteach éigeantach nó nach dtugann sé aghaidh ar theipeanna socraíochta san Aontas agus nach bhfuil sé riachtanach, iomchuí ná comhréireach a thuilleadh, glacfaidh sé, gan mhoill, gníomhartha cur chun feidhme lena leasaítear nó lena n-aisghairtear an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1. Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2). I gcás ina measann ÚEUM nach bhfuil bonn cirt a thuilleadh le ceannach isteach éigeantach nó nach dtugann sé aghaidh ar theipeanna socraíochta san Aontas agus nach bhfuil sé riachtanach, iomchuí ná comhréireach a thuilleadh, féadfaidh sé a mholadh don Choimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a leasú nó a aisghairm. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 13, an chéad fhomhír go dtí an ceathrú fomhír. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|