+Airteagal 22 Athbhreithniú agus meastóireacht
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 5.
---+Airteagal 22 6.
---+Airteagal 22 7.
---+Airteagal 22 8.
---+Airteagal 22 9.
---+Airteagal 22 10.
---+Airteagal 22 11.
|
Airteagal 22 Athbhreithniú agus meastóireacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 22 1.
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar na socruithe, straitéisí, próisis agus sásraí arna gcur chun feidhme ag TLU, lena n-áirítear na pleananna dá dtagraítear in Airteagal 22a, maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo agus déanfaidh sé meastóireacht ar na rioscaí a bhfuil TLU, nó a bhféadfadh TLU, a bheith neamhchosanta orthu nó a chruthaíonn TLU d’fheidhmiú rianúil na margaí urrús nó chobhsaíocht na margaí airgeadais. Socróidh an t-údarás inniúil minicíocht agus doimhneacht an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag féachaint do mhéid, tábhacht shistéamach, próifíl riosca, cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an TLU lena mbaineann. Déanfar an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht ar a laghad gach 3 bliana.
|
|
Airteagal 22 5.
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil cigireachtaí ar an láthair ar TLU.
|
|
Airteagal 22 6.
|
Le linn dó an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, déanfaidh an t-údarás inniúil, ag céim luath, an fhaisnéis is gá a tharchur chuig na húdaráis ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, chuig an údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE, agus rachaidh sé i gcomhairle leo maidir le cibé atá nó nach bhfuil ceanglais an Rialacháin seo nó ceanglais eile dhlí an Aontais á gcomhlíonadh ag an TLU a mhéid a bhaineann le feidhmiú na gcóras socraíochta urrús arna n-oibriú ag an TLU. Féadfaidh na húdaráis lena ndeachthas i gcomhairle tuairim réasúnaithe a eisiúint faoina réimsí inniúlachta laistigh de 3 mhí ón bhfaisnéis a fháil ón údarás inniúil. I gcás nach soláthraíonn údarás lena ndeachthas i gcomhairle tuairim laistigh den sprioc-am sin, measfar go bhfuil sé tar éis tuairim dhearfach a eisiúint. I gcás ina n-eisíonn údarás lena ndeachthas i gcomhairle tuairim réasúnaithe dhiúltach agus ina n-easaontaíonn an t-údarás inniúil léi, déanfaidh an t-údarás inniúil sin, laistigh de 1 mhí amháin tar éis dó an tuairim dhiúltach a fháil, réasúnú lena dtugtar aghaidh ar an tuairim dhiúltach a thabhairt don údarás lena ndeachthas i gcomhairle. Féadfaidh aon cheann de na húdaráis lena ndeachthas i gcomhairle a d’eisigh tuairim dhiúltach an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM chun cúnamh a fháil faoi Airteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. I gcás nach socraítear an tsaincheist laistigh de 1 mhí amháin tar éis í a tharchur chuig ÚEUM, déanfaidh an t-údarás inniúil an cinneadh críochnaitheach maidir leis an athbhreithniú agus leis an meastóireacht agus soláthróidh sé míniú mionsonraithe ar an gcinneadh uaidh i scríbhinn do na húdaráis ábhartha. I dtuairimí diúltacha dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána mionsonraithe nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó ceanglais eile dhlí an Aontais á gcomhlíonadh.
|
|
Airteagal 22 7.
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil na húdaráis ábhartha, ÚEUM agus, i gcás inarb infheidhme, an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a den Rialachán seo agus an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE a chur ar an eolas faoi thorthaí an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí leasúcháin nó pionóis.
|
|
Airteagal 22 8.
|
Nuair a bheidh siad i mbun an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar TLUanna a chothóidh na cineálacha caidreamh dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 17(6) an fhaisnéis ar fad ar fáil dá chéile is dóigh a dhéanfaidh a gcuid oibre níos éasca.
|
|
Airteagal 22 9.
|
Cuirfidh an t-údarás inniúil de cheangal ar TLU nach mbeidh ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh aici na bearta nó na céimeanna is gá a dhéanamh go luath chun aghaidh a thabhairt ar an staid sin.
|
|
Airteagal 22 10.
|
Forbróidh ÚEÚM i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an méid a leanas a shonrú:
(a)
an fhaisnéis a thabharfaidh TLU don údarás inniúil chun críocha an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1;
▼M4
(b)
an fhaisnéis atá le soláthar ag an údarás inniúil i gcomhréir le mír 7;
▼B
(c)
an fhaisnéis a thabharfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 8 dá chéile.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025. Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 22 11.
|
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a chinneadh maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 10 a sholáthar. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0909
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|