+Airteagal 54 5.

Airteagal 54 5.

Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le hinstitiúidí creidmheasa dá dtagraítear i mír 2a, pointe (a), agus ní bheidh feidhm ag mír 4a maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus na TLUnna dá dtagraítear i mír 2a, a dhéanann tairiscint na híocaíochtaí airgid thirim a shocrú le haghaidh chórais socraíochta urrús ar fad an TLU nó le haghaidh chuid díobh, más rud é nach sáraítear an tairseach arna cinneadh i gcomhréir le mír 9 le luach iomlán socraíochta airgid thirim den sórt sin trí chuntais arna n-oscailt leis na hinstitiúidí creidmheasa agus na TLUnna sin, de réir mar is infheidhme, a ríomhtar thar thréimhse bliana.

Déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán uair sa bhliain ar a laghad ar an tairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, chun féachaint an bhfuiltear á hurramú. Tarchuirfidh an t-údarás inniúil na torthaí uaidh mar aon leis na bunsonraí chuig ÚEUM agus ÚBE. Tarchuirfidh an t-údarás inniúil na torthaí uaidh chuig comhaltaí CEBC freisin. Gan dochar d’Airteagal 40(1), i gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil gur sáraíodh an tairseach, cuirfidh an t-údarás inniúil de cheangal ar an TLU lena mbaineann údarú a lorg i gcomhréir le mír 2. Tíolacfaidh an TLU lena mbaineann an t-iarratas uaidh ar údarú laistigh de 6 mhí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0909
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.