|
+Airteagal 74 3. |
Airteagal 74 3.Faoin 17 Eanáir 2025 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an measúnú i ndáil leis an ngiorrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad abairt (“timthriall socraíochta”). Beidh an méid seo a leanas ar fad ar áireamh sa tuarascáil sin:
(a)
measúnú ar a iomchuí atá sé giorrú a dhéanamh ar an timthriall socraíochta agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag giorrú den sórt sin ar TLUnna, ar ionaid trádála agus ar rannpháirtithe eile sa mhargadh;
(b)
measúnú ar na costais agus ar na tairbhí a bhaineann leis an timthriall socraíochta a ghiorrú san Aontas, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, idir ionstraimí airgeadais éagsúla agus catagóirí idirbheart éagsúla;
(c)
achoimre mhionsonraithe ar conas bogadh go timthriall socraíochta níos giorra, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, idir ionstraimí airgeadais éagsúla agus catagóirí idirbheart éagsúla;
(d)
forléargas ar fhorbairtí idirnáisiúnta maidir le timthriallta socraíochta agus a dtionchar ar mhargaí caipitil an Aontais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|