|
+IARSCRÍBHINN |
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN LIOSTA SEIRBHÍSÍ ROINN A Seirbhísí lárnacha de chuid taisclann lárnach urrús 1. Taifeadadh tosaigh a dhéanamh ar urrúis i gcóras cuntais reatha (‘seirbhís nótaire’); 2. Cuntais urrús a sholáthar agus a chothabháil ar an leibhéal is uachtaraí (‘seirbhís lárnach cothabhála’); 3. Córas socraíochta urrús a oibriú (‘seirbhís socraíochta’). ROINN B Seirbhísí coimhdeacha nach seirbhísí baincéireachta iad de chuid TLUanna nach mbaineann rioscaí creidmheasa nó leachtachta leo Seirbhísí a chuireann TLUanna ar fáil lena gcuirtear feabhas ar shábháilteacht, éifeachtúlacht agus thrédhearcacht na margaí urrús, ar a bhféadfaí iad seo leanas a áireamh ach nach bhfuil teoranta dóibh:
1.
Seirbhísí a bhaineann leis an tseirbhís socraíochta, amhail:
(a)
Sásra chun urrúis a thabhairt ar iasacht a eagrú, mar ghníomhaire i measc rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús;
(b)
Seirbhísí chun bainistiú comhthaobhachta a sholáthar, mar ghníomhaire i gcomhair rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús;
(c)
Meaitseáil socraíochta, ródú treoracha, dearbhú trádála, fíorú trádála.
2.
Seirbhísí a bhaineann le seirbhísí nótaire agus seirbhísí cothabhála lárnaí, amhail:
(a)
Seirbhísí a bhaineann le cláir scairshealbhóirí;
(b)
Tacú le próiseáil a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí corparáideacha, lena n-áirítear cáin, cruinnithe ginearálta agus seirbhísí faisnéise;
(c)
Seirbhísí eisiúna nua, lena n-áirítear cóid ISIN agus cóid dá samhail a bhainistiú agus a leithdháileadh;
(d)
Ródú agus próiseáil treoracha, bailiú agus próiseáil táillí agus tuairisciú lena mbaineann.
3.
Naisc le TLUanna a bhunú, cuntais urrús i ndáil leis an tseirbhís socraíochta a chur ar fáil, a chothabháil nó a fheidhmiú, bainistiú comhthaobhachta, agus seirbhísí coimhdeacha eile.
4.
Aon seirbhísí eile, amhail:
(a)
Seirbhísí chun bainistiú comhthaobhachta a sholáthar mar ghníomhaire;
(b)
Tuairisciú rialála a sholáthar;
(c)
Faisnéis, sonraí agus staidreamh a sholáthar do bhiúrónna margaidh/daonáirimh nó d’eintitis rialtasacha nó idir-rialtasacha eile;
(d)
Seirbhísí TF a sholáthar. ROINN C Seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta Seirbhísí de chineál baincéireachta a bhaineann go díreach leis na seirbhísí lárnacha nó leis na seirbhísí coimhdeacha a liostaítear i Roinn A agus i Roinn B, amhail:
(a)
Cuntais airgid a sholáthar do rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús agus do shealbhóirí chuntas urrús, laistigh de réir bhrí mhír 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE agus taiscí a ghlacadh uathu;
(b)
Creidmheas airgid a sholáthar le haghaidh aisíocaíochta nach mbeidh níos déanaí ná an lá gnó dar gcionn, airgead a thabhairt ar iasacht chun gníomhaíochtaí corparáideacha a réamh-chistiú agus urrúis a thabhairt ar iasacht chuig sealbhóirí chuntas urrús, de réir bhrí phointe 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE;
(c)
Seirbhísí íocaíochta a bhaineann le hidirbhearta airgid agus malairtí eachtracha a phróiseáil laistigh de réir bhrí phointe 4 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir 2013/36/AE;
(d)
Ráthaíochtaí agus gealltanais a bhaineann le hurrúis a iasachtú agus a fháil ar iasacht, de réir bhrí phointe 6 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir 2013/36/AE;
(e)
Gníomhaíochtaí cistíochta a bhaineann le malairtí eachtracha agus urrúis inaistrithe a bhaineann le comharduithe fada na rannpháirtithe a bhainistiú de réir bhrí phointí 7(b) agus (e) d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir 2013/36/AE. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|