+Airteagal 10 Sócmhainní infheistíochta incháilithe
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.

Airteagal 10 Sócmhainní infheistíochta incháilithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.

Ní bheidh sócmhainn dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (a), incháilithe le haghaidh infheistíocht ag ELTIF ach amháin i gcás ina bhfuil sé i gceann amháin de na catagóirí seo a leanas:

(a) 

ionstraimí cothromais nó cuasachothromais a bhfuil an méid seo a leanas fíor ina leith:

(i) 

d’eisigh gnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 11 iad agus fuair an ELTIF iad ón ngnóthas punainne cáilitheach nó ó thríú páirtí tríd an margadh tánaisteach;

(ii) 

d’eisigh gnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 11 iad mar mhalairt ar ionstraim chothromais nó chuasachothromais a fuair an ELTIF roimhe sin ón ngnóthas punainne cáilitheach sin nó ó thríú páirtí tríd an margadh tánaisteach;

(iii) 

d’eisigh gnóthas ina sealbhaíonn gnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 11 rannpháirtíocht chaipitil iad mar mhalairt ar ionstraim chothromais nó chuasachothromais a fuair an ELTIF i gcomhréir le pointe (i) nó le pointe (ii) de phointe (a) seo;

(b) 

ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag gnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 11;

(c) 

iasachtaí arna ndeonú ag an ELTIF do ghnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 11 le haibíocht nach faide ná saolré an ELTIF;

(d) 

aonaid nó scaireanna de chuid ELTIF, EuVECA, EuSEF, GCUI agus AIF AE amháin nó de chuid roinnt ELTIFanna, EuVECAnna, EuSEFanna GCUInna agus CIManna AE eile arna mbainistiú ag AIFManna AE ar choinníoll go n-infheistíonn na ELTIFanna, EuVECAnna, EuSEFanna, GCUInna agus AIFanna AE sin in infheistíochtaí incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus (2) agus nár infheistigh siad féin níos mó ná 10 % dá sócmhainní in aon ghnóthas comhinfheistíochta eile;

(e) 

sócmhainní réadacha;

(f) 

urrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe i gcás ina gcomhfhreagraíonn na neamhchosaintí foluiteacha do cheann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:

(i) 

sócmhainní a liostaítear in Airteagal 1, pointe (a)(i), (ii) nó (iv), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1851 ón gCoimisiún ( 6 );

(ii) 

sócmhainní a liostaítear in Airteagal 1, pointe (a)(vii) nó (viii), de Rialachán Tarmligthe 2019/1851, ar choinníoll go n úsáidtear na fáltais ó na bannaí urrúsaithe chun infheistíochtaí fadtéarmacha a mhaoiniú nó a athmhaoiniú;

(g) 

bannaí arna n-eisiúint, de bhun Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bannaí glasa Eorpacha, ag gnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 11.

Ní bheidh feidhm ag an teorainn a leagtar síos i bpointe (d) den chéad fhomhír maidir le ELTIFanna fothaire.

Airteagal 10 2.
Chun a chinneadh ar comhlíonadh an teorainn infheistíochta a leagtar síos in Airteagal 13(1) a chinneadh, ní dhéanfar infheistíochtaí ag ELTIFanna in aonaid nó i scaireanna ELTIFanna, EuVECAnna, EuSEFanna, GCUInna agus AIFManna AE arna mbainistiú ag AIFManna AE a chur san áireamh ach amháin go feadh mhéid infheistíochtaí na ngnóthas comhinfheistíochta sin sna sócmhainní infheistíochta incháilithe dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a), (b), (c), (e), (f) agus (g), den Airteagal seo.

Chun a chinneadh ar comhlíonadh an teorainn infheistíochta agus na teorainneacha eile a leagtar síos in Airteagal 13 agus in Airteagal 16(1), comhcheanglófar sócmhainní agus suíomh iasachtaíochta airgid ELTIF agus na ngnóthas comhinfheistíochta eile a bhfuil infheistíocht déanta ag an ELTIF sin iontu.

An cinneadh maidir le comhlíonadh na teorann infheistíochta agus na dteorainneacha eile a leagtar síos in Airteagal 13 agus in Airteagal 16(1) i gcomhréir leis an mír seo, déanfar é ar bhonn faisnéis a thugtar cothrom le dáta ar bhonn ráithiúil ar a laghad agus, i gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil ar bhonn ráithiúil, ar bhonn na faisnéise is déanaí atá ar fáil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0760
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.