|
+Airteagal 10 1. |
Airteagal 10 1.Ní bheidh sócmhainn dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (a), incháilithe le haghaidh infheistíocht ag ELTIF ach amháin i gcás ina bhfuil sé i gceann amháin de na catagóirí seo a leanas:
(a)
ionstraimí cothromais nó cuasachothromais a bhfuil an méid seo a leanas fíor ina leith:
(i)
d’eisigh gnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 11 iad agus fuair an ELTIF iad ón ngnóthas punainne cáilitheach nó ó thríú páirtí tríd an margadh tánaisteach;
(ii)
d’eisigh gnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 11 iad mar mhalairt ar ionstraim chothromais nó chuasachothromais a fuair an ELTIF roimhe sin ón ngnóthas punainne cáilitheach sin nó ó thríú páirtí tríd an margadh tánaisteach;
(iii)
d’eisigh gnóthas ina sealbhaíonn gnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 11 rannpháirtíocht chaipitil iad mar mhalairt ar ionstraim chothromais nó chuasachothromais a fuair an ELTIF i gcomhréir le pointe (i) nó le pointe (ii) de phointe (a) seo;
(b)
ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag gnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 11;
(c)
iasachtaí arna ndeonú ag an ELTIF do ghnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 11 le haibíocht nach faide ná saolré an ELTIF;
(d)
aonaid nó scaireanna de chuid ELTIF, EuVECA, EuSEF, GCUI agus AIF AE amháin nó de chuid roinnt ELTIFanna, EuVECAnna, EuSEFanna GCUInna agus CIManna AE eile arna mbainistiú ag AIFManna AE ar choinníoll go n-infheistíonn na ELTIFanna, EuVECAnna, EuSEFanna, GCUInna agus AIFanna AE sin in infheistíochtaí incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus (2) agus nár infheistigh siad féin níos mó ná 10 % dá sócmhainní in aon ghnóthas comhinfheistíochta eile;
(e)
sócmhainní réadacha;
(f)
urrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe i gcás ina gcomhfhreagraíonn na neamhchosaintí foluiteacha do cheann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:
(i)
sócmhainní a liostaítear in Airteagal 1, pointe (a)(i), (ii) nó (iv), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1851 ón gCoimisiún ( 6 );
(ii)
sócmhainní a liostaítear in Airteagal 1, pointe (a)(vii) nó (viii), de Rialachán Tarmligthe 2019/1851, ar choinníoll go n úsáidtear na fáltais ó na bannaí urrúsaithe chun infheistíochtaí fadtéarmacha a mhaoiniú nó a athmhaoiniú;
(g)
bannaí arna n-eisiúint, de bhun Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bannaí glasa Eorpacha, ag gnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 11. Ní bheidh feidhm ag an teorainn a leagtar síos i bpointe (d) den chéad fhomhír maidir le ELTIFanna fothaire. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|