+Airteagal 11 Gnóthas punainne cáilitheach
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.

Airteagal 11 Gnóthas punainne cáilitheach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.

Is é a bheidh i ngnóthas punainne cáilitheach gnóthas a chomhlíonann, tráth na hinfheistíochta tosaigh, na ceanglais seo a leanas:

(a) 

ní gnóthas airgeadais é, ach amháin más fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i) 

is gnóthas airgeadais é nach cuideachta sealbhaíochta airgeadais ná cuideachta sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha é; agus

(ii) 

údaraíodh nó cláraíodh an gnóthas airgeadais sin níos déanaí ná 5 bliana roimh dháta na hinfheistíochta tosaigh sin;

(b) 

is gnóthas é a bhfuil an méid a leanas fíor ina leith:

(i) 

ní ligtear isteach é chun a thrádála ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach; nó

(ii) 

ligtear isteach é chun a thrádála ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach agus tá caipitliú margaidh nach mó ná EUR 1 500 000 000 aige;

(c) 

tá sé bunaithe i mBallstát, nó i dtríú tír ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i dtaca leis an tríú tír sin:

(i) 

ní aithnítear í mar thríú tír ardriosca a liostaítear sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 );

(ii) 

ní luaitear í in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach.

Airteagal 11 2.
De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh sé go mbeidh gnóthas punainne cáilitheach ina ghnóthas airgeadais nach maoiníonn ach gnóthais phunainne cháilitheacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó sócmhainní réadacha dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 10.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0760
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.