|
+Airteagal 11 1. |
Airteagal 11 1.Is é a bheidh i ngnóthas punainne cáilitheach gnóthas a chomhlíonann, tráth na hinfheistíochta tosaigh, na ceanglais seo a leanas:
(a)
ní gnóthas airgeadais é, ach amháin más fíor an méid seo a leanas ina leith:
(i)
is gnóthas airgeadais é nach cuideachta sealbhaíochta airgeadais ná cuideachta sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha é; agus
(ii)
údaraíodh nó cláraíodh an gnóthas airgeadais sin níos déanaí ná 5 bliana roimh dháta na hinfheistíochta tosaigh sin;
(b)
is gnóthas é a bhfuil an méid a leanas fíor ina leith:
(i)
ní ligtear isteach é chun a thrádála ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach; nó
(ii)
ligtear isteach é chun a thrádála ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach agus tá caipitliú margaidh nach mó ná EUR 1 500 000 000 aige;
(c)
tá sé bunaithe i mBallstát, nó i dtríú tír ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i dtaca leis an tríú tír sin:
(i)
ní aithnítear í mar thríú tír ardriosca a liostaítear sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 );
(ii)
ní luaitear í in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|