|
+Airteagal 29 5. |
Airteagal 29 5.Maidir leis na sócmhainní a bheidh faoi choimeád ag taiscí ELTIF, ní dhéanfaidh an taiscí, ná aon tríú páirtí a mbeidh feidhm an choimeádta tarmligthe dó, iad a athúsáid dá gcuntas féin. Is é atá in athúsáid ná aon idirbheart a bhaineann le sócmhainní atá faoi choimeád lena n-áirítear aistriú, ráthú, díol agus tabhairt ar iasacht, ach gan a bheith teoranta don méid sin. Maidir leis na sócmhainní a bheidh faoi choimeád ag taiscí ELTIF, ní cheadófar iad a athúsáid ach amháin ar choinníoll:
(a)
go ndéantar athúsáid na sócmhainní a fhorghníomhú do chuntas an ELTIF;
(b)
go bhfuil treoracha bhainisteoir an ELTIF á gcur i gcrích ag an taiscí thar ceann an ELTIF;
(c)
gur chun sochair an ELTIF agus chun leasanna an aonaid nó na scairshealbhóirí atá an athúsáid; agus
(d)
go bhfuil an t-idirbheart cumhdaithe ag comhthaobhacht ardcháilíochta agus leachtach arna fáil ag an ELTIF faoi shocrú aistrithe teidil. Margadhluach na sócmhainní athúsáidte móide préimh ar a laghad a bheidh i gcónaí i margadhluach na comhthaobhachta dá dtagraítear i bpointe (d) den dara fomhír. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|