+Airteagal 31 Aonaid agus scaireanna ELTIFanna a mhargú
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
---+Airteagal 31 4.
---+Airteagal 31 5.
---+Airteagal 31 6.
---+Airteagal 31 7.

Airteagal 31 Aonaid agus scaireanna ELTIFanna a mhargú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 31 1.
Beidh bainisteoir an ELTIF in ann aonaid nó scaireanna an ELTIF sin a mhargú le hinfheisteoirí gairmiúla agus miondíola ina Bhallstát baile tar éis dó fógra a fháil i gcomhréir le hAirteagal 31 de Threoir 2011/61/AE.
Airteagal 31 2.
Beidh bainisteoir ELTIF in ann aonaid nó scaireanna an ELTIF sin a mhargú le hinfheisteoirí gairmiúla agus le hinfheisteoirí miondíola i mBallstáit seachas i mBallstát baile bhainisteoir an ELTIF tar éis dó fógra a fháil i gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir 2011/61/AE.
Airteagal 31 3.
I leith gach ELTIF a bhainistíonn sé, sonróidh bainisteoir an ELTIF d'údaráis inniúla cé acu atá nó nach bhfuil sé ar intinn aige an tELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola.
Airteagal 31 4.

I dteannta na ndoiciméad agus na faisnéise a cheanglaítear de bhun Airteagal 31 agus Airteagal 32 de Threoir 2011/61/AE, cuirfidh bainisteoir an ELTIF na nithe seo a leanas ar fáil d'údaráis inniúla:

▼M1

(a) 

réamheolaire an ELTIF; agus

(b) 

doiciméad faisnéise bunriachtanaí an ELTIF i gcás ina margaítear é le hinfheisteoirí miondíola.

▼M1 —————

▼B

Airteagal 31 5.
Le hinniúlachtaí agus cumhachtaí na n-údarás inniúil de bhun Airteagal 31 agus Airteagal 32 de Threoir 2011/61/AE, tabharfar le fios go dtagraíonn siad freisin do mhargú ELTIFanna le hinfheisteoirí miondíola agus go gcumhdaíonn siad na ceanglais bhreise a leagtar síos sa Rialachán seo.
Airteagal 31 6.
I dteannta a chumhachtaí a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 31(3) de Threoir 2011/61/AE, cuirfidh údarás inniúil Bhallstát baile bhainisteoir an ELTIF cosc freisin ar mhargú ELTIF mura gcomhlíonann nó mura gcomhlíonfaidh bainisteoir an ELTIF an Rialachán seo.
Airteagal 31 7.
I dteannta a chumhachta a leagtar amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 32(3) de Threoir 2011/61/AE, déanfaidh údarás inniúil Bhallstát baile bhainisteoir an ELTIF a dhiúltú freisin comhad iomlán fógra a tharchur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé beartaithe an tELTIF a mhargú mura gcomhlíonann nó mura gcomhlíonfaidh bainisteoir an ELTIF an Rialachán seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0760
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.