Airteagal 27
Próiseas measúnaithe inmheánach le haghaidh ELTIFanna ar féidir iad a mhargú le hinfheisteoirí miondíola
Beidh bainisteoir ELTIF, ar féidir a chuid aonad nó scaireanna a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 16(3), an dara fomhír go dtí an cúigiú fomhír agus an seachtú fomhír, de Threoir 2014/65/AE agus in Airteagal 24(2) den Treoir sin.