+Airteagal 21
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.

Airteagal 21

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 21 1.

Agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, déanfaidh an t-údarás inniúil cáilitheach na bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 2, de réir mar is infheidhme, i gcás ina ndéanann bainisteoir um chiste chaipitil fiontair cáilitheach an méid seo a leanas:

▼B

(a) 

go mainníonn sé na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le comhdhéanamh punainne a chomhlíonadh, de shárú ar Airteagal 5;

(b) 

go ndéanann sé, de shárú ar Airteagal 6, aonaid agus scaireanna ciste caipitil fiontair cháilithigh a mhargú le hinfheisteoirí neamh-incháilithe;

▼M1

(c) 

go n-úsáideann sé an sonrúchán “EuVECA” ach nach bhfuil sé cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14, nó nach bhfuil an ciste caipitil fiontair cáilitheach cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14a;

▼B

(d) 

go n-úsáideann sé an sonrúchán “EuVECA” le haghaidh margú cistí nach bhfuil bunaithe i gcomhréir le pointe (iii) de phointe (b) d’Airteagal 3;

▼M1

(e) 

má tá clárú faighte aige trí bhíthin ráitis bhréagacha, nó ar aon bhealach neamhrialta eile, de shárú ar Airteagal 14 nó Airteagal 14a;

▼B

(f) 

go mainníonn sé gníomhú go hionraic, go cothrom, leis an scil cuí, an cúram cuí nó an dúthracht chuí i seoladh a chuid gnó de shárú ar phointe (a) d’Airteagal 7;

(g) 

go mainníonn sé beartais agus nósanna imeachta iomchuí a chur i bhfeidhm le cosc a chur ar mhíchleachtais, de shárú ar phointe (b) d’Airteagal 7;

(h) 

go mainníonn sé arís agus arís eile na ceanglais faoi Airteagal 12 maidir leis an tuarascáil bhliantúil a chomhlíonadh;

(i) 

go mainníonn sé arís agus arís eile an oibleagáid infheisteoirí a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 13 a chomhlíonadh.

Airteagal 21 2.

Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil, de réir mar is iomchuí:

(a) 

bearta chun a áirithiú go gcomhlíonann an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach lena mbaineann Airteagal 5 agus Airteagal 6, pointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 7, agus Airteagal 12 go hAirteagal 14a, de réir mar is infheidhme;

(b) 

a thoirmeasc ar an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach lena mbaineann an sonrúchán “EuVECA” a úsáid agus an bainisteoir sin, nó an ciste caipitil fiontair cáilitheach lena mbaineann, a bhaint den chlár.

Airteagal 21 3.
Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, aon údarás inniúil ábhartha eile, údaráis inniúla aon Bhallstáit óstaigh i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 14(1), agus ÚEUM, a chur ar an eolas gan mhoill maidir le bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach nó le ciste caipitil fiontair cáilitheach a bhaint den chlár.
Airteagal 21 4.
Maidir leis an gceart ciste caipitil fiontair cáilitheach amháin nó níos mó a mhargú san Aontas faoin sonrúchán “EuVECA”, rachaidh sé in éag le héifeacht láithreach ó dháta chinneadh an údaráis inniúil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2.
Airteagal 21 5.
Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile nó an Bhallstáit óstaigh, de réir mar is infheidhme, ÚEUM ar an eolas gan mhoill má tá foras soiléir agus inléirithe aige lena chreidiúint go bhfuil aon cheann de na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (i) d’Airteagal 21(1) déanta ag an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach.

Féadfaidh ÚEUM, agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, moltaí a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla lena mbaineann maidir le haon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh, nó gan bearta den sórt sin a dhéanamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0345
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.